Change language to:
Gaeilge
English

Scoil na Maighdine Muire gan Smál was awarded €5,000 to collaborate with Gaeilscoil Bharra in Dublin, Scoil Bhreandáin in Mayo and Dublin City University, to introduce creative writing in Mathematics through Irish. This project aims to create a Professional Learning Community to explore the teaching of Irish in tandem with the new Mathematics Curriculum in a creative, integrated and inclusive way.  

Child's hands holding a colourful, self-made book on a park bench.
Big group photo of students and teachers smiling and holding their self-made books in a school hall.

Resource

Dara Calleary TD: Go bhfuil dream óg ag foghlaim Gaeilge agus go bhfuil siad ag baint craic agus spraoi ag foghlaim an Ghaeilge, go bhfuil siad ag úsáid an Ghaeilge chun taithí saoil a chur in iúl dúinn, tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá an foireann Fighting Words ag déanamh an-an-jab cúrsaí Gaeilge ag cur in iúl dúinn ní amháin sa Ghaeltacht ach sa tír ar fad.  

Caitlín: Chuir muid isteach ar an sparántachta i mbliana agus d’éirigh linn a bhuíochas sin don Chomhairle Múinteoireachta agus fuair muid cúig mhíle euro, agus bhí muid in ann leis sin bhí muid i dtogra le dhá scoil eile, Scoil Bhreandáin ar an Eachléim i gCo. Mhaigh Eo agus Gaelscoil Bharra anseo i mBaile Átha Cliath, agus shocraigh muid in éineacht le Fighting Words agus COGG go ndéanfadh muid togra ar mata mar tá a fhios agaibh uilig tá curaclam nua mata a thosaigh anois ceann le bheith spraoiúil a mbeidh na gasúir ag obair go spraoiúil agus ag obair amach fadhbanna.  Ceapaim gurb é an rud is fearr a rinne muid riamh é mar tá leabhar álainn foilsithe anseo inniu ag na gasúir, a gcuid scéalta féin, a nglór féin, Gaeilge, Mata, bhí orthu fadbhbanna a oibriú amach le chéile. Fuair muid go leor comhairle agus cúnamh ansin ón ionad matamatic anseo i DCU a bhí ag breathnú ar na fadhbanna mata sin agus ag oibriú le chéile. Is bhí sé iontach labhairt le múinteoirí  eile freisin agus na fadhbanna agus na rudaí a bhí muid ag fheiceáil a phlé. 

Ferdia: Ag deireadh an lae, na daoine is tábhachtaí i togra mar seo ná na páistí. Tugann sé seo deis do na páistí, tograí mar seo, a samhlaíocht féin a úsáid agus i nganfhios dóibh féin a bheith ag déanamh Mata. Mar mhúinteoirí táimid ag comhlíonadh na spriocanna atá leagtha amach go háirithe sa churaclaim nua mata go bhfuil páistí anois ag glacadh seilbh ar a gcuid foghlaim féin i leith na mata agus tá luach agus go leor tairbhe le bhaint as rud mar sin. 

Máiréad: Bhí mé ag dul timpeall ó grúpa go ghrúpa agus mé ag éisteacht leis na gasúir agus bhain siad an oiread spraoi as, agus rinne siad go leor foghlaim. Rudaí a cheap siad a bhí ar eolas acu, bhí orainn níos mó eolais a thabhairt dóibh. Bhí go leor taighde ann agus bhí siad ag eagarthóireacht freisin, bhí siad ag foghlaim go leor scileanna.  

Caitlín: Aon scoil a bheadh ag iarraidh cur isteach ar thogra mar seo, mholfainn go hard dóibh é.  

Dara Calleary TD: Beidh an dream sin de scoláirí, beidh Gaeilge acu le haghaidh a saol.