Bronnadh €5,000 ar Scoil na Maighdine Muire gan Smál, Camus, Co. na Gaillimhe, mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Gaelscoil Bharra, Baile Átha Cliath, Scoil Bhreandáin, Co. Mhaigh Eo, agus DCU, chun scríbhneoireacht chruthaitheach sa Mhatamaitic trí Ghaeilge a chur chun cinn. Is aidhm leis an tionscadal seo ná Pobal Foghlama Gairmiúla a chruthú chun teagasc na Gaeilge a fhiosrú i gcomhar leis an gCuraclam Matamaitice nua ar bhealach cruthaitheach, comhtháite agus cuimsitheach.


Acmhainn
Dara Calleary TD: Go bhfuil dream óg ag foghlaim Gaeilge agus go bhfuil siad ag baint craic agus spraoi ag foghlaim an Ghaeilge, go bhfuil siad ag úsáid an Ghaeilge chun taithí saoil a chur in iúl dúinn, tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá an foireann Fighting Words ag déanamh an-an-jab cúrsaí Gaeilge ag cur in iúl dúinn ní amháin sa Ghaeltacht ach sa tír ar fad.
Caitlín: Chuir muid isteach ar an sparántachta i mbliana agus d’éirigh linn a bhuíochas sin don Chomhairle Múinteoireachta agus fuair muid cúig mhíle euro, agus bhí muid in ann leis sin bhí muid i dtogra le dhá scoil eile, Scoil Bhreandáin ar an Eachléim i gCo. Mhaigh Eo agus Gaelscoil Bharra anseo i mBaile Átha Cliath, agus shocraigh muid in éineacht le Fighting Words agus COGG go ndéanfadh muid togra ar mata mar tá a fhios agaibh uilig tá curaclam nua mata a thosaigh anois ceann le bheith spraoiúil a mbeidh na gasúir ag obair go spraoiúil agus ag obair amach fadhbanna. Ceapaim gurb é an rud is fearr a rinne muid riamh é mar tá leabhar álainn foilsithe anseo inniu ag na gasúir, a gcuid scéalta féin, a nglór féin, Gaeilge, Mata, bhí orthu fadbhbanna a oibriú amach le chéile. Fuair muid go leor comhairle agus cúnamh ansin ón ionad matamatic anseo i DCU a bhí ag breathnú ar na fadhbanna mata sin agus ag oibriú le chéile. Is bhí sé iontach labhairt le múinteoirí eile freisin agus na fadhbanna agus na rudaí a bhí muid ag fheiceáil a phlé.
Ferdia: Ag deireadh an lae, na daoine is tábhachtaí i togra mar seo ná na páistí. Tugann sé seo deis do na páistí, tograí mar seo, a samhlaíocht féin a úsáid agus i nganfhios dóibh féin a bheith ag déanamh Mata. Mar mhúinteoirí táimid ag comhlíonadh na spriocanna atá leagtha amach go háirithe sa churaclaim nua mata go bhfuil páistí anois ag glacadh seilbh ar a gcuid foghlaim féin i leith na mata agus tá luach agus go leor tairbhe le bhaint as rud mar sin.
Máiréad: Bhí mé ag dul timpeall ó grúpa go ghrúpa agus mé ag éisteacht leis na gasúir agus bhain siad an oiread spraoi as, agus rinne siad go leor foghlaim. Rudaí a cheap siad a bhí ar eolas acu, bhí orainn níos mó eolais a thabhairt dóibh. Bhí go leor taighde ann agus bhí siad ag eagarthóireacht freisin, bhí siad ag foghlaim go leor scileanna.
Caitlín: Aon scoil a bheadh ag iarraidh cur isteach ar thogra mar seo, mholfainn go hard dóibh é.
Dara Calleary TD: Beidh an dream sin de scoláirí, beidh Gaeilge acu le haghaidh a saol.