Fionnachtana agus Cinntí
Foráiltear le hAlt 46B den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 (arna leasú) go ndéanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí thorthaí agus chinntí ó phainéil Fiosrúcháin an Choiste Araíonachta i ndáil le pionóis, a fhoilsiú ‘i gcás inar deimhin leis an gComhairle gurb é leas an phobail é’. Fanfaidh na sonraí ar an suíomh gréasáin go ceann tréimhsí idir 6 mhí agus 24 mhí ag brath ar leibhéal tromchúise pionóis, más ann dó.