Aistrigh:
Gaeilge
English

Gluais

Múinteoir Nuacháilithe (MNC)

Múinteoir a chomhlíonann riachtanais na Comhairle ó thaobh cáilíochta de faoi Bhealach 1, nó Bealach 2 den Sceideal ach nach bhfuil an tréimhse chleachtais ghairmiúil is gá curtha i gcrích acu lena n-áirítear múinteoir a fuair áit ar an gclár trí Bhealach 5 den Sceideal agus a chríochnaigh an clár creidiúnaithe in oideachas múinteoirí ar cláraíodh iad ina leith, ó shin.

Foireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG)

Tá an Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) comhdhéanta de chomhghleacaithe a bhfuil taithí acu, a bhfuil clár foghlama gairmiúla curtha i gcrích acu i dteannta Oide, lena n-áirítear forbairt scileanna meantóireachta.

Institiúid Ardoideachais (IAO)

Ainmníonn IAO nó Institiúid Ardoideachais na coláistí, ollscoileanna agus comhlachtaí tríú leibhéal eile a sholáthraíonn clár creidiúnaithe amháin nó níos mó d’oideachas tosaigh múinteoirí.

Oide

Is seirbhís tacaíochta de chuid na Roinne Oideachais do scoileanna é Oide, a bunaíodh in 2023.

Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM)

Tagraíonn OTM don chéad chéim den fhoghlaim le bheith i do mhúinteoir nuair atá múinteoirí faoi oiliúint ag gabháil do chlár aitheanta oideachais múinteoirí.

Cosán

An creat náisiúnta lena dtreoraítear agus lena dtacaítear le foghlaim ghairmiúil múinteoirí tar éis a bpróisis ionduchtúcháin. Is creat solúbtha é a aithníonn an tábhacht le cúinsí aonair agus le comhthéacsanna scoile agus leis an iomad bealach éagsúil a théann múinteoirí i mbun foghlama.

Oideachas Cuimsitheach

Tagraíonn an téarma oideachas cuimsitheach d’aon ghné d’fhoghlaim múinteoirí arb é is aidhm di feabhas a chur ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar éagsúlacht riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus freagairt díobh; a chur ar a gcumas a bheith rannpháirteach san fhoghlaim; agus, deireadh a chur le bacainní laistigh den oideachas agus ar an oideachas trí freastail ar na struchtúir agus socruithe cuí agus iad a sholáthair, chun cur ar chumas gach mac léinn an tairbhe is mó a bhaint as a bhfreastal ar scoil.

Taisce

Baineann Taisce le próiseas foghlama punannbhunaithe a mbíonn Múinteoirí Nuacháilithe gafa leis a gcuirtear tús leis ó na cláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí agus ar aghaidh, chun cur ar a gcumas machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim agus a gcleachtas gairmiúil, de réir mar is cuí dá gcéim foghlama agus chun réimsí ina bhféadfadh tacaíocht nó treoir a bheith de dhíth orthu a aithint agus tabhairt faoi phleanáil ina leith.

Leanúntas in oideachas múinteoirí

Tagraíonn sé seo don fhoghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil ina mbíonn múinteoirí ag gabháil mar fhoghlaimeoirí ar feadh an tsaoil le linn a ngairme múinteoireachta. Cuimsíonn sé Oideachas Tosaigh Múinteoirí, Droichead (an creat comhtháite ionduchtaithe gairmiúil), agus Cosán (foghlaim na múinteoirí).

Scoil Aitheanta

Is scoil í scoil aitheanta atá aitheanta de réir Alt 10 den Acht Oideachais, 1998.

Ionad Tacaíochta Oideachais

Tá foráil déanta d’Ionad Tacaíochta Oideachais in Alt 10 (4) den Acht Oideachais, 1998.

1. Nósanna imeachta agus critéir maidir leis an bpróiseas Droichead (bunscoil agus iar-bhunscoil)

Réamhrá

Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas sa chás go mbíonn múinteoir nuacháilithe fostaithe ar feadh tréimhse leordhóthanach i scoil atá páirteach sa chreat comhtháite ionduchtaithe gairmiúil Droichead (dá ngairtear Droichead anseo feasta).

1.1 An próiseas Droichead

Is creat comhtháite ionduchtaithe gairmiúil do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna) é an próiseas Droichead agus tá sé lárnach sa leanúntas d’oideachas múinteoirí. Tógann sé ar oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) agus aithníonn sé gur céim ar leith den chontanam é an t-ionduchtú. Tacaíonn Droichead le MNCanna de réir mar a aistríonn siad ó OTM agus nuair a chuireann a bpiaraí fáilte rompu isteach sa ghairm. Tacaíonn sé le MNCanna agus iad ag trasnú an ‘droichid’, iad mar mhúinteoir faoi oiliúint agus ansin ina múinteoir ar dhaltaí. Cuimsíonn an creat comhtháite seo ionduchtú scoilbhunaithe (Snáithe A) agus gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla breise (Snáithe B) araon, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhúinteoirí agus iad ag tosú ar a ngairmeacha beatha.

1.2 Is é príomhchuspóir phróiseas Droichead tacú le foghlaim ghairmiúil MNCnna le linn na céime ionduchtúchaithe, i mbealach nach ndéantar aon mheastóireacht, agus ar an gcaoi sin an bhunchloch a leagan d’fhás agus d’fhoghlaim ghairmiúil ina dhiaidh sin. Tógann Droichead ar chaighdeáin an eolais, na hoilteachta agus na hinniúlachta, a baineadh amach le linn OTM, go háirithe i réimsí an chleachtais mhachnamhaigh agus na foghlama punannbhunaithe (Taisce) agus an taighde. Is príomhghné de Cosán é cleachtas machnamhach freisin, an creat náisiúnta a threoraíonn agus a thacaíonn le foghlaim ghairmiúil múinteoirí ar feadh a ngairmeacha beatha.

1.3 Leagtar amach céimeanna an phróisis thíos (féach Roinn 2 agus Roinn 3). Tar éis an phróisis Droichead, déanann an MNC dearbhú go bhfuil siad réidh le bogadh go dtí an chéad chéim eile ar chontanam an oideachais mhúinteoirí. Déanann an múinteoir agus comhghleacaithe a bhfuil taithí acu comhdhearbhú, tar éis mhachnamh comhchoiteann, gur ghlac siad páirt i bpróiseas teagaisc agus foghlama ar ardchaighdeán de bharr a rannpháirtíochta in Droichead. Ansin, baineann an Chomhairle Mhúinteoireachta an coinníoll Droichead ó chlárú an mhúinteora. Beidh an múinteoir cláraithe go hiomlán ag an gComhairle nuair a mheasann an Chomhairle Mhúinteoireachta go bhfuil na coinníollacha clárúcháin uile (e.g., an Riachtanas na Gaeilge, na coinníollacha i dtaca le heaspa cáilíochtaí) comhlíonta.

1.4 Nuair a bheidh MNC fostaithe i scoil rannpháirteach i suíomh incháilithe (féach Cuid 2) agus ar feadh na híostréimhse cleachtaidh ghairmiúil (féach Cuid 3), féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ar cheadú chun tús a chur leis an bpróiseas Droichead trína gcuntas ar an tairseach Mo Chlárú. Má cheadaítear a n-iarratas, gheobhaidh siad ríomhphost deimhnithe formheasa lena ndáta tosaithe don phróiseas.

1.5 Tá dhá phríomhshnáithe den phróiseas Droichead mar chreat comhtháite ionduchtaithe do MNCanna. Is ionduchtú scoilbhunaithe (Snáithe A) an chéad snáithe, áit a dtacaíonn comhghleacaithe a bhfuil taithí acu leis an MNC. Tá an dara snáithe comhdhéanta de ghníomhaíochtaí foghlama gairmiúla breise (Snáithe B), lena gcuimsítear freastal ar chnuaschruinnithe MNC in ionaid oideachais áitiúla. Áirítear sa Snáithe freisin gníomhaíocht foghlama gairmiúla amháin eile a bhaineann le riachtanais an MNC mar a pléadh lena bhFoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG). D’fhéadfaí go mbeifí i gceist le gnáthghníomhaíochtaí foghlama, mar shampla, rannpháirtíocht i gceardlann, cruinniú de Líonra Gairmiúil Múinteoirí/cumann ábhar, foghlaim trí ghníomhaíocht ar líne/ cumaisc, freastal ar chomhdháil, etc. (Féach Cuid 5).

2. Suíomhanna inar féidir leis an bpróiseas Droichead tarlú

2.1 Bunscoil

De ghnáth tabharfaidh múinteoir bunscoile faoi phróiseas Droichead nuair a bheidh siad fostaithe mar mhúinteoir ranga príomhshrutha i scoil aitheanta. Is scoil í scoil aitheanta atá aitheanta de réir Alt 10 den Acht Oideachais, 1998. Go ginearálta, bíonn fostaíocht le pá ar bhonn buan nó sealadach nó i mbun ionadaíochta incháilithe, sa chás go bhfuil an múinteoir ag teagasc réimsí uile Churaclam na Bunscoile, an Ghaeilge san áireamh, do rang príomhshruth daltaí (grád singil nó ilghrád) ar feadh an lá scoile ar fad, agus sa chás go ligfidh an tréimhse ama a chaith an múinteoir sa scoil, na híoschoinníollacha maidir le tréimhse ama mar a leagtar amach in 3.2 thíos, a shásamh.

Go ginearálta, ba chóir do scoileanna feidhm a bhaint as MNCanna i suíomh príomhshrutha. Mar sin féin, is féidir le MNCanna próiseas Droichead a chríochnú i gceann de na róil a liostaítear thíos.

a) múinteoir ranga speisialta i scoil phríomhshruth

b) múinteoir i scoil speisialta

c) Múinteoir Oideachais Speisialta lánaimseartha/Ag teagasc i scoil phríomhshrutha (MOS)

Sna cásanna thuas, caithfidh an cohórt céanna daltaí a bheith i gceist leis an tréimhse fostaíochta (ach amháin i gcás neamhláithreachtaí eisceachtúla).

Sa chás go mbaintear gcuirtear MNCanna go ceann de na suíomhanna sin, ba cheart do Oide tacaíochtaí a chur ar fáil don scoil lena chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais an MNC de réir a róil, agus laistigh de chomhthéacs na scoile.

Mar chuid de phróiseas Droichead, ba chóir don scoil iarracht a dhéanamh freisin a chinntiú go bhfuil deiseanna ag an MNC teagasc i suíomh príomhshrutha, a chuimseodh teagasc agus foghlaim na Gaeilge i rang príomhshrutha, i gcomhar leis an múinteoir ranga.

2.2 Iar-bhunscoil

De ghnáth tabharfaidh múinteoir iar-bhunscoile faoi phróiseas Droichead nuair a bheidh siad fostaithe in iar-bhunscoil aitheanta. Is scoil í scoil aitheanta atá aitheanta de réir Alt 10 den Acht Oideachais, 1998.

Is féidir le múinteoir iar-bhunscoile Droichead a chríochnú i:

  • iarbhunscoil aitheanta.
  • Scoil Speisialta ina bhfuil sciar de na daltaí atá ag freastal ar an scoil in aois iar-bhunscoile, agus ábhar/ábhair de chuid an churaclaim iar-bhunscoile á theagasc/dteagasc ag an múinteoir do dhaltaí dá leithéid.
  • Lárionad Oideachais ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
    – múintear ábhar curaclaim/ábhair churaclaim iar-bhunscoile ann agus tá sé de cheart acu scoláirí a chur isteach do scrúduithe stáit etc., sa tSraith Shóisearach nó i scrúduithe na hArdteistiméireachta.
    – Tá ábhar curaclaim iar-bhunscoile á mhúineadh ag an MNC i.e. ábhair sa tSraith Shóisearach nó san Ardteistiméireacht (ATF agus GCAT san áireamh) agus tá freagracht iomlán acu as ullmhúcháin do scrúduithe stáit.
    – Is múinteoir iar-bhunscoile cláraithe an príomhchomhordaitheoir.
    – Tá an FTG comhdhéanta de mhúinteoirí iar-bhunscoile cláraithe.

Go ginearálta, is féidir fostaíocht le pá ar bhonn buan nó sealadach nó i mbun ionadaíochta a áireamh, chomh fada is go ligfidh fostaíocht den sórt sin don mhúinteoir na híoschoinníollacha maidir le tréimhse ama atá leagtha amach in 3.3 thíos a shásamh.

Ba chóir a thabhairt faoi deara, sa chás go bhfuil MNCanna fostaithe sna suíomhanna thuas trí sheirbhís dheonach (neamhíoctha) nó trí scéimeanna intéirneachta, nach measann an Chomhairle Mhúinteoireachta go bhfuil sé seo oiriúnach do Droichead.

3. Tréimhse an chleachtais ghairmiúil a theastaíonn

3.1 Tógann próiseas Droichead ar thréimhsí socrúcháin scoile mar atá leagtha amach i gCéim: Caighdeáin le haghaidh OTM.

3.2 Ní mór do mhúinteoir bunscoile bloc de 60 lá scoile i ndiaidh a chéile a chríochnú i suíomh incháilithe ón dáta a ceapadh den chéad uair iad i bpost atá aitheanta le haghaidh phróiseas Droichead i mbunscoil. Is féidir Droichead a chur i gcrích má tá tú fostaithe ar chonradh postroinnte ar feadh na bliana acadúla iomláine, lena n-áirítear múinteoirí atá fostaithe mar mhúinteoirí ionaid NÓ ar chonradh páirtaimseartha nach bhfuil ach níos lú ná dhá uair déag go leith (12.5 uair) ar feadh na bliana acadúla.

Is féidir Droichead a chur i gcrích má tá post faighte ag MNC ar phainéal soláthair, nó post a bhaineann le ham scaoilte do phríomhoide. Tá múinteoirí bunscoile a fhaigheann na poist seo chun próiseas Droichead a chríochnú faoi réir forálacha áirithe lena n-áirítear:

1) Tá MNC páirteach sa phróiseas Droichead thar thréimhse iomlán a gconartha fostaíochta, nach mór a bheith níos faide ná an t-íosriachtanas de 60 lá.

2) Ní mór do dhuine amháin ar a laghad, as an dá FPC a theastaíonn chun tacú leis an MNC le linn an phróisis, a bheith ón scoil bhunaidh.

3) Ní mór do Phríomhoide na scoile bunaidh gníomhú i ról maoirseachta.

4) Ní mór don FPC agus MNC a chinntiú go bhfuil toiliú agus comhaontú roimh ré acu go bhfuil gach scoil sa chnuas toilteanach cur i gcrích an phróisis Droichead a éascú.

5) Ní mór don PST an fhoirm D a shíniú sa scoil bhunaidh.

Ní mór don mhúinteoir iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Mhúinteoireachta chun tús a chur leis an bpróiseas Droichead trína gcuntas tairsí Mo Chlárú.

3.3 Ní mór do mhúinteoir iar-bhunscoile 200 uair an chloig d’fhostaíocht mhúinteoireachta a chur i gcrích i suíomh incháilithe lena n-áirítear ábhar/ábhair de chuid an churaclaim iar-bhunscoile do rang ainmnithe ar chlár ama na scoile, nó fostaíocht i ról tacaíochta foghlama, riachtanais speisialta nó tacaíochta teanga. Ní mór don mhúinteoir iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Mhúinteoireachta chun tús a chur leis an bpróiseas Droichead trína gcuntas tairsí Mo Chlárú.

3.4 Ba chóir a thabhairt faoi deara gur iad seo na híostréimhsí cleachtais is giorra is féidir a áireamh. Ós rud é go bhfuil Droichead, mar chreat ionduchtaithe, deartha chun an t-uasleibhéal tacaíochta, treorach agus comhairle a sholáthar, moltar, sa chás ina mbíonn am breise ag MNC ina scoil de bhreis ar na híosriachtanais a leagtar amach ag 3.2. agus 3.3. thuas, go n-úsáidtear am breise chun tacú leis an bpróiseas Droichead.

4. Snáithe scoilbhunaithe

4.1 Baineann Droichead go bunúsach le haistear gairmiúil an MNC agus le próiseas a n-ionduchtúcháin. Is cuid lárnach den phróiseas seo rannpháirtíocht MNC le comhghleacaithe a bhfuil níos mó taithí acu, agus machnamh ar na comhráite gairmiúla a bhíonn ar siúl maidir lena bhfoghlaim agus a gcleachtas gairmiúil féin.

Is ann do roinnt bealaí inar féidir FTG a bhunú. I scoileanna níos mó, lena lán MNCnna, d’fhéadfadh go n-oibreodh roinnt foirne as lámha a chéile.

Mar cheannaire na scoile, tá ról ríthábhachtach ag an bpríomhoide maidir le béim a leagan gach bliain ar luach an ionduchtúcháin d’fhoireann uile na scoile, chomh maith leis an FTG agus an MNC.

Tá sé tábhachtach go mbeadh tacaíocht bainistíochta inscoile ag scoileanna don phróiseas ionduchtúcháin. Ba cheart don Phríomhoide nó dá n-ainmní foirne bainistíochta maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas Droichead ina scoil, bíodh siad ina ball díreach den FTG nó ná bíodh.

Sa chás nach ball díreach den FTG, iad príomhoidí, ba cheart dóibh iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis an bpróiseas trí thacaíochtaí breise a chur ar fáil nuair is gá don FTG agus don MNC araon.

Tá roinnt bealaí ar féidir tús a chur le FTG. I scoileanna níos mó, lena lán MNCnna, d’fhéadfadh go n-oibreodh roinnt foirne as lámha a chéile. Ba chóir do phríomhoidí/do bhainistíocht na scoile dul i gcomhairle le Oide maidir le treoir ar roghnú cuí agus ar chomhdhéanamh na FTG. I scoileanna níos lú, b’fhéidir gur leor foireann de bheirt nó triúr múinteoirí. I scoileanna atá an-bheag, nó i gcúinsí nach bhfuil scoil in ann FTG a bhunú le baill d’fhoireann na scoile amháin, tá samhail sheachtrach ar fáil. Féadfar gné sheachtrach a úsáid freisin i gcás ina bhfuil saineolas sonrach ag teastáil e.g. chun tacú le MNC atá ag múineadh i Rang Speisialta. Féadfaidh príomhoidí roghnú FTG a bhunú trí mheascán d’fhoireann na scoile féin agus ball seachtrach FTG a úsáid. Ní mór ball amháin ar a laghad ó scoil an MNC a bheith ar an FTG.

a) Tá painéal de bhaill FTG féinroghnaithe, lánoilte cruthaithe ag Oide atá toilteanach gníomhú mar bhaill sheachtracha de FTG scoile eile.

b) Mar mhalairt ar an bpainéal Oide, b’fhéidir gur mhaith le príomhoidí cuireadh a thabhairt do mhúinteoir i scoil áitiúil a bheith mar bhall seachtrach dá FTG. Ba chóir go mbeadh an múinteoir seo ina bhall oilte FTG cheana féin. Mura bhfuil siad oilte cheana féin, ní mór dóibh gealltanas a thabhairt freastal ar Oiliúint FTG.

4.2 Is próiseas comhoibríoch é tacaíocht a thabhairt do MNC le linn Droichead i gcónaí, cé go bhféadfadh róil agus freagrachtaí bhaill FTG a bheith éagsúil i gcomhthéacsanna scoile éagsúla, agus mar sin comhaontaítear iad sula gcuirtear tús le próiseas Droichead. Ba cheart an próiseas Droichead a chur san áireamh agus pleanáil á déanamh don bhliain acadúil, agus chun na róil agus na leithdháiltí ama a léiriú, chomh maith le haon tacaíocht bhreise nó riachtanais freastail a d’fhéadfadh a bheith ag MNCanna atá ag teacht isteach.

Ba cheart tacaíochtaí inscoile agus tacaíochtaí sainoiriúnaithe a bhreithniú agus pleanáil a dhéanamh dóibh dá réir chun a chinntiú go dtugtar an tacaíocht is fearr do MNCanna a bhfuil riachtanais bhreise nó freastail acu, agus do bhaill FTG, le linn phróiseas Droichead.

Ba chóir do Oide tacaíochtaí a chur ar fáil don scoil lena chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais an MNC agus an FTG, agus laistigh de chomhthéacs na scoile.

4.3 Cuireann an FTG forbairt ghairmiúil Droichead, a chuireann an Oide ar fáil, i gcrích, agus cabhraítear leo san obair trí sholáthar raon tacaíochtaí agus acmhainní, lena n-áirítear:

  • Oide oiliúint tosaigh do gach ball den FTG.
  • Am scaoilte le múinteoir ionadaíochta ionas gur féidir le gach ball den FTG freastal ar an gcúrsa oiliúna.
  • Am scaoilte chun tacú leis na gnéithe scoilbhunaithe de Droichead.
  • Tacaíocht ar an láthair agus tacaíocht fhíorúil ó Oide, trína líonra comhlach agus a fhoireann bhuan.
  • Treoir chuimsitheach mheantóra, lena dtugtar aghaidh ar phríomhréimsí amhail:
    – Róil agus freagrachtaí an FTG agus an MNC
    – Barúlacha
    – Plean Imlíneach Droichead a Chruthú
    – Comhráite Gairmiúla
    – Taifid maidir leis an bpróiseas Droichead a choimeád.

Tá tuilleadh eolais faoi am scaoilte ar fáil ó Oide.

4.4 Is cuid lárnach den phróiseas seo rannpháirtíocht MNC le comhghleacaithe a bhfuil níos mó taithí acu, agus machnamh ar na comhráite gairmiúla a bhíonn ar siúl maidir lena bhfoghlaim agus a gcleachtas gairmiúil féin. Soláthraíonn na comhráite seo deiseanna chun aiseolas neamhfhoirmiúil a mhalartú ar bhonn duine le duine, agus plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a thagann chun cinn le linn fhoghlaim agus chleachtas gairmiúil an MNC agus comhairle threorach a chur ar fáil. De rogha air sin, d’fhéadfadh comhrá gairmiúil a bheith i bhfoirm cruinniú socraithe idir an MNC agus ball amháin nó níos mó den FTG.

Sa chás go dteastaíonn tacaíocht bhreise ó MNC, tá Oide ar fáil chun treoir a chur ar fáil do scoileanna agus do bhaill FTG maidir le sraitheanna tacaíochta atá ar fáil, nuair is gá.

4.5 Tógann Droichead ar an bpróiseas foghlama punannbhunaithe (Taisce) a nglacann gach múinteoir faoi oiliúint páirt ann le linn a gclár OTM. Leanann MNCanna ag baint úsáide as Taisce le linn phróiseas Droichead chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama agus cleachtais ghairmiúil. Tacaíonn úsáid Taisce in OTM agus Droichead araon le forbairt agus rannpháirtíocht i gcleachtas machnamhach.

Is é an MNC a chinneann leagan amach an Taisce agus is mír phríobháideach é athacaíonn lena bhfoghlaim ghairmiúil féin. Ní mór do MNC gné amháin dá Taisce a roinnt lena FTG a bhaineann go sonrach le riachtanas foghlama gairmiúla ar mian leo aghaidh a thabhairt air, agus ba cheart don MNC agus don FTG an ghné sin a úsáid mar bhunús le ceann dá gcomhráite gairmiúla. Ag baint úsáide as na scileanna taighde a forbraíodh le linn OTM, ba cheart don MNC píosa taighde atá ann cheana féin a aimsiú, mar alt irise foilsithe, a bhaineann leis an ngá aitheanta chun tacú leis an gcomhrá gairmiúil. Ba chóir don MNC an comhrá gairmiúil seo a úsáid chun Gníomhaíocht Foghlama Gairmiúla Shnáithe B a aithint i gcomhairle leis an FTG.

Tá treoir phraiticiúil faoin bpróiseas seo ar fáil do MNCanna agus don FTG ó Oide. Ba cheart gach gné de Taisce a bhainistiú i gceart i gcomhréir le RGCS agus le beartais chosanta sonraí agus bainistíochta na scoile.

4.6 Is príomhghné freisin, de Droichead iad breathnóireacht. Áirítear leis sin breathnóireacht ag an MNC ar chleachtas múinteoirí a bhfuil níos mó taithí acu, chomh maith le breathnú ar chleachtas an MNC ag an FTG. Eagraítear an dá chineál breathnóireachta roimh ré agus tugann siad deiseanna do MNCanna foghlaim óna gcomhghairmithe. Ba chóir go ndíreodh tuairimí an FTG ar chleachtas an MNC ar réimsí ina mbraitheann an MNC go bhfuil comhairle, cúnamh agus tacaíocht ar leith de dhíth orthu. Ba chóir, mar sin, an MNC a spreagadh chun múineadh i réimse ina mbraitheann siad gur mó a riachtanas foghlama. Is féidir leis seo an bonn a sholáthar do chomhrá gairmiúil ina dhiaidh sin. Moltar go mbeadh ar a laghad dhá cheann de gach cineál breathnóireachta ranga (breathnóireacht an MNC, agus breathnóireachtaí ar chleachtas an MNC), agus go mbeadh an líon cruinn, agus na ranganna a breathnaíodh, bunaithe ar phlé idir an MNC agus an FTG).

4.7 Spreagtar an MNC agus an FTG gach deis a thapú chun saincheisteanna agus dúshláin a phlé de réir mar a thagann siad chun cinn. Cuireann FTGanna réimse tacaíochtaí ar fáil lena gcuirtear MNCanna ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin siúd agus foghlaim uathu. Tá tacaíocht, comhairle agus treoir bhreise ar fáil ó Oide trína seirbhís tacaíochta scoile, agus b’fhéidir go mbeadh roinnt ama breise chun é seo a éascú luachmhar. Dá chuimsithí an tacaíocht a chuirtear ar fáil, agus dá mhéad rannpháirtíocht oscailte ó na daoine lena mbaineann, is ea is fearr a bheidh sé don MNC.

5. Cnuaschruinnithe & Gníomhaíochtaí Foghlama Gairmiúla breise

5.1 Chun cur leis an snáithe ionduchtaithe scoil-bhunaithe mar atá leagtha síos thuas, glacann MNCanna páirt chomh maith sna gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla breise seo a leanas mar chuid de phróiseas Droichead.

Cnuaschruinnithe MNC agus Gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla eile

Fóram is ea cnuaschruinniú inar féidir le MNCanna ceisteanna a chur, treoir a lorg, smaointe a roinnt agus machnamh a dhéanamh ar dhúshláin, ar éachtaí agus ar eispéiris ar leith ina gcleachtas gairmiúil, nó ar an bpróiseas Droichead féin. Ní mór do gach MNC freastal ar chnuaschruinniú amháin ar a laghad trí ionad tacaíochta oideachais. Féadfar an cnuaschruinniú breise a chur ar fáil ar líne. Cuirfear cnuaschruinnithe trí mheán na Gaeilge ar fáil.

Sula ndéantar plé leis na Cnuaschruinnithe, ní mór do MNCanna seimineár gréasáin ar líne arna sholáthar ag Oide a chomhlánú, ina leagtar amach na céimeanna sa phróiseas Droichead.

Éascaíonn Oide cnuaschruinnithe agus cuireann siad bealaí ar fáil chun tacaíocht ghairmiúil agus phearsanta araon a thabhairt do MNCanna.Cothaíonn an cur chuige comhfhoghlama seo caidrimh ghairmiúla, muinín agus inniúlacht.

Ní mór do gach MNC a bheith rannpháirteach in dhá chnuaschruinniú le linn phróiseas Droichead. Déantar na cruinnithe sin a chatagóiriú mar seo a leanas:

  • Cnuaschruinniú ginearálta ina ndírítear ar shaincheisteanna leathana a bhaineann le cleachtas gairmiúil
  • Cnuaschruinniú ina dtugtar aghaidh ar ábhar sonrach agus é curtha i gcomhthéacs le riachtanais an MNC.

Ní mór do MNCanna freastal ar chruinniú ginearálta amháin agus ar chnuaschruinniú dírithe amháin mar chuid dá bpróiseas Droichead. Cuirfear liosta de chnuaschruinnithe dírithe ar fáil, rud a chuirfidh ar chumas MNCanna an cruinniú is fearr a oireann dá riachtanais shonracha a roghnú.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór ríomhphost deimhnithe a bheith faighte ag MNC ón gComhairle ina ndeimhnítear ceadú chun tús a chur leis an bpróiseas Droichead sula gcláraítear do Chnuaschruinnithe.

Gníomhaíocht foghlama ghairmiúil eile

Ní mór do MNCanna freisin tabhairt faoi ghníomhaíocht foghlama gairmiúla amháin eile, a shainaithneoidh siad féin de réir a riachtanas foghlama gairmiúla, i gcomhairle leis an FTG. Ar na gnáthghníomhaíochtaí foghlama a d’fhéadfadh a bheith i gceist, bheadh, rannpháirtíocht i gceardlann, cruinniú de Líonraí Gairmiúla Múinteoirí (comhlachas ábhar), gníomhaíocht foghlama ar líne/cumaisc, freastal ar chomhdháil etc.

6. Caighdeáin chun próiseas Droichead a threorú agus chun tacú leis

6.1 Tá caighdeáin leagtha síos ag an gComhairle chun tacú leis an bpróiseas Droichead, mar threoir don MNC, in éineacht leis an FTG, i ndáil leis an bhfoghlaim agus leis an gcleachtadh gairmiúil. Tá siad seo leagtha amach in Aguisín 1. Déantar iniúchadh breise ar chaighdeáin Droichead agus ar shamplaí comhthéacs scoile mar chuid d’fhorbairt ghairmiúil don FTG, arna éascú ag Oide.

7. Taifid maidir leis an bpróiseas Droichead a choimeád

7.1 Cruthaíonn an FTG plean imlíneach Droichead, i gcomhairle leis an MNC. Go hidéalach, tabharfaidh MNC faoin bpróiseas Droichead ar feadh tréimhse níos faide ná an íostréimhse a leagtar síos, nuair a cheadaíonn a dtréimhse fostaíochta amhlaidh. Cuirfidh Oide teimpléid ar fáil do phlean imlíneach Droichead agus don phróiseas breathnóireachta araon, chomh maith le treoir maidir le húsáid na dteimpléad sin. Chun próiseas dearbhaithe cáilíochta na Comhairle a éascú, iarrtar ar scoileanna taifid a chruthaigh siad chun tacú leis an bpróiseas Droichead a choinneáil de réir a bpolasaí cosanta sonraí.

7.2 Agus taifid á gcoinneáil aige, ba cheart go mbeadh meas ag an FTG ar phríobháideacht daoine eile agus ar rúndacht na faisnéise a fhaightear le linn an phróisis. Ba cheart dóibh aird a thabhairt freisin ar chúinsí eiticiúla agus cosanta sonraí, gan ainm a chuir le sonraí nuair is iomchuí agus ag déanamh aon bheart is gá chun srian a chuir le rochtain ar fhaisnéis a bhfuil íogair ag baint leo.

7.3 Sa chás go bhfágann MNC a bhfuil cuid den phróiseas Droichead nó an próiseas ar fad curtha i gcrích acu scoil, ba chóir cóip de na taifid ábhartha atá ag an scoil maidir leis an bpróiseas sin a thabhairt dóibh.

8. Próiseas Droichead a thabhairt chun críche

8.1 Nuair a bhíonn MNC ag druidim le críochnú an phróisis Droichead, de réir an fhráma ama tháscaigh a aontaíodh ag tús an phróisis, bíonn comhrá gairmiúil ar siúl idir an MNC agus an FTG. Is é a bheidh i gceist leis an gcomhrá seo freisin go n-aithneoidh an MNC réimsí d’fhoghlaim ghairmiúil bhreise (le cur san áireamh ar Fhoirm D).

8.2 Nuair a bheidh an próiseas Droichead (ionduchtú scoilbhunaithe agus gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla) curtha i gcrích ag an MNC agus ag an FTG ní mór dóibh Foirm D a chomhlánú. Tá sé de fhreagracht ar MNC an Fhoirm D chomhlánaithe a chur faoi bhráid na Comhairle Múinteoireachta trína gcuntas Mo Chlárú.

Níl ach baill lánoilte den FTG i dteideal Foirm D a shíniú. Tabhair faoi deara le do thoil, go gcaithfidh ar a laghad beirt bhall FTG lánoilte an fhoirm a dhearbhaíonn críoch gach snáithe den phróiseas a shíniú.

Tá próiseas athbhreithnithe i bhfeidhm inar mian le MNCnna nó FTG ábhair imní a ardú faoi ghnéithe de phróiseas Droichead. Áirítear leis an bpróiseas seo céim neamhfhoirmeálta, ag leibhéal na scoile, agus céim níos foirmeálta ag leibhéal Oide. Leis seo, ligtear do cheisteanna gan réiteach a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Mhúinteoireachta, trína painéal um Dhearbhú Cáilíochta Droichead.

8.3 Agus Foirm D go hiomlán comhlánaithe agus curtha faoi bhráid na Comhairle Múinteoireachta, bainfidh an Chomhairle an coinníoll Droichead ó chlárú an mhúinteora agus eiseoidh siad litir dheimhnithe nó clárúchán leasaithe. Ní mór na coinníollacha go léir a chomhlíonadh chun an múinteoir a bheith cláraithe go hiomlán.

9. Comhsheasmhacht agus dearbhú cáilíochta

9.1 Is ann do roinnt meicníochtaí chun cáilíocht agus comhsheasmhacht an phróisis Droichead a chinntiú ar bhonn náisiúnta.

a) Cuireann Oide tacaíocht ar fáil do scoileanna, a bhfuil Droichead á sholáthar acu, a bhfuil MNC á bhfostú acu.

b) Bunaíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta painéil um Dhearbhú Cáilíochta (DQA) Droichead, atá comhdhéanta de chathaoirleach neamhspleách, múinteoir atá ag cleachtadh ón earnáil ábhartha agus duine éigin a bhfuil saineolas acu i dtaca le tacaíocht a thabhairt do theagasc agus foghlaim ag leibhéal na scoile agus/nó as measúnú a déanamh orthu. Tugann painéal an DQA cuairt ar shampla randamach de scoileanna inar tharla an próiseas Droichead agus pléann siad an próiseas leis an FTG agus leis an MNC. Déantar cuairteanna den sórt sin a eagrú roimh ré agus is de mheon coláisteachta agus comhoibrithe a dhéantar iad. Tar éis a athbhreithnithe, cuireann an painéal DQA tuarascáil atá gan ainm faoi bhráid na Comhairle Múinteoireachta ina leagtar amach a dtorthaí agus a moltaí maidir leis an bpróiseas. Déanann an Chomhairle an tuarascáil a bhreithniú agus tar éis a daingnithe, foilsítear í ar shuíomh gréasáin na Comhairle agus scaiptear í ar Oide agus ar an gCigireacht.

c) Mar cheannaire foghlama sa scoil, cothaíonn an príomhoide cultúr foghlama inar féidir le Droichead bláthú agus tacaíonn siad leis an FTG chun próiseas ionduchtúcháin ar ardchaighdeán a éascú.

d) I measc na bhforbairtí gairmiúla, lena n-áirítear cnuaschruinnithe, do bhaill FTG, tá plé maidir leis na caighdeáin agus na táscairí dea-chleachtais a threoraíonn agus a thacaíonn le próiseas Droichead.

10. Treoir bhreise

10.1 Rachaidh an Chomhairle i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Óige agus a cuid gníomhaireachtaí maidir le Droichead, a chur i bhfeidhm, agus lena chinntiú go bhfuil sé ag teacht leis na polasaithe foriomlána de réir mar a chinnfidh an tAire ó am go ham.

Aguisín 1

caighdeáin Droichead

Tá na caighdeáin seo a leanas leagtha amach ag an gComhairle mar bhonn treise faoi phróiseas Droichead, mar threoir don MNC, in éineacht leis an FTG, i ndáil leis an bhfoghlaim agus leis an gcleachtadh gairmiúil. Déantar táscairí dea-chleachtais i gcomhthéacsanna éagsúla a iniúchadh tuilleadh mar chuid d’fhorbairt ghairmiúil don FTG, arna éascú ag Oide. Trí pháirt a ghlacadh sa phróiseas Droichead, déanfaidh an múinteoir nuacháilithe an méid seo a leanas:

1. páirt a ghlacadh go gairmiúil le hionduchtúchán scoilbunaithe agus le bearta foghlama gairmiúla breise.

2. dúthracht na gairmiúlachta a léiriú i ndáil le múinteoireacht agus foghlaim ar ardchaighdeán ar mhaithe leis na daltaí.

3. páirt a glacadh sa chleachtadh machnaimh lena dtacaítear lena bhfoghlaim agus lena gcleachtadh gairmiúil, go haonarach agus go comhoibríoch araon.