Aistrigh:
Gaeilge
English

Stádas um chomhlíonadh 

Tá an suíomh gréasáin seo comhlíontach go páirteach leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 Leibhéal AA. 

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta d’inrochtaineacht agus d’inúsáideacht a fheabhsú do gach úsáideoir agus do leanúint d’oibriú i dtreo comhlíonta iomláin le EN 301 549, an Caighdeán Eorpach um inrochtaineacht dhigiteach.

NCBI and IA Labs certification badge

Ábhar neamh-inrochtana

Níl rochtain iomlán ar an ábhar sa liosta laistíos leis na cúiseanna seo a leanas:

  1. Foirmeacha
  • Ní féidir le húsáideoirí léitheora scáileáin rochtain a fháil ar réimse an dáta bhreithe ar an bhfoirm a bhaineann le cuntas Mo Chlárúchán nua a chruthú. Táthar ag dul i ngleic leis sin trí ionchur díreach isteach sa réimse a chumasú.
  1. Físeáin
  • Níl tras-scríbhinn i dtéacs nó foscríbhinn ar fáil ar ábhar físeáin a sholáthraíonn tríú páirtithe.
  1. Doiciméid agus ábhar in-íoslódáilte
  • Féadfar nach bhfuil roinnt PDFanna go hiomlán inrochtana de dheasca struchtúr, ceannteidil, nó clibeáil atá in easnamh. I gcás inar féidir, tá sé d’aidhm againn ábhar a chur ar fáil i bhformáid HTML inrochtana. Tá obair ar bun chun inrochtaineacht ar doiciméid a fheabhsú.

Faoi láthair, níor aithníodh aon fhadhb inrochtaineachta atá ina huallach as cuimse. Déanfar é sin a athbhreithniú at bhonn leanúnach.

Ábhar nach bhfuil faoi raon feidhme na reachtaíochta

Féadfar an t-ábhar seo a leanas a dhíolmhú ó riachtanais inrochtaineachta:

  • Doiciméid arna bhfoilsiú roimh an 23 Meán Fómhair 2018, murar gá leo le haghaidh próisis riaracháin ghníomhacha.
  • Meáin réamhthaifeadta arna bhfoilsiú roimh an 23 Meán Fómhair 2020.
  • Ábhar thríú-pháirtí nach bhfuil á rialú nó á chistiú ag an gComhairle Mhúinteoireachta.

Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo

Ullmhaíodh an ráiteas sin tar éis do IA Labs tástáil inrochtaineachta a dhéanamh, ag úsáid meascán de mhodhanna láimhe agus uathoibríocha ar fud ardáin iomadúla agus teicneolaíochtaí cúnta, lena n-áirítear:

  • Windows (JAWS, NVDA)
  • Mac (VoiceOver)
  • Uirlisí inrochtaineachta de chuid iOS agus Android

Rinneadh mioniniúchadh ar inrochtaineacht chun comhlíontacht a thomhas in aghaidh TIÁG 2.1 Leibhéal AA. Cuireadh na fadhbanna arna n-aithint chuig an bhfoireann fhorbartha agus táthar ag dul i ngleic leo.

Ullmhaíodh an ráiteas seo ar dtús i mí Feabhra 2024 agus rinneadh an t-athbhreithniú is deireanaí air i mí an Mheithimh 2026.

Táimid tiomanta don ráiteas sin a athbhreithniú go rialta agus ar bonn bliantúil ar a laghad.

Gnéithe agus uirlisí inrochtaineachta

Áirítear sa shuíomh gréasáin sin réimse ghnéithe inrochtaineachta chun cabhrú le húsáideoirí, lena n-áirítear:

  • Tacaíocht ó thaobh úsáid an mhéarchláir de
  • Ceannteidil struchtúrtha agus nascthéasc tuairisciúil
  • Téacs malartach d’íomhánna

Ina theannta sin, cuirimid rochtain ar an mbarra uirlisí cúnta Recite Me ar fáil, lena ligtear d’úsáideoirí an tslí a n-idirghníomhaíonn siad leis an suíomh gréasáin a chur in oiriúint. Cuireann Recite Me gnéithe ar fáil amhail:

  • Feidhmiúlacht téacs-go-teanga
  • Aistriúchán go teangacha iomadúla
  • Ceilt scáileáin agus cúnaimh léitheoireachta
  • Oiriúnú cló, mhéid an téacs agus chodarsnacht dathanna

Is féidir an barra uirlisí Recite Me a chur ar siúl go díreach ón suíomh gréasáin agus tá sé ar fáil ar fud gach leathanach.

Oifigeach Rochtana agus faisnéis teagmhála

Déanann ár nOifigeach Rochtana ceisteanna agus gearáin maidir le hinrochtaineacht a láimhseáil. Is é ról an Oifigigh Rochtana cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú do dhaoine faoi mhíchumas a bhaineann úsáid as ár seirbhísí.

Is é Stephen Conneally Oifigeach Teagmhála againn, ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ag info@teachingcouncil.ie.

Is í uimhir theagmhála na Comhairle Múinteoireachta ná +353 1 651 7900

Nós imeachta um fhorfheidhmiú

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra ar do cheist inrochtaineachta, is féidir leat gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas 2005 nó faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le: