Aistrigh:
Gaeilge
English

Tá 37 ball ar an gComhairle a leagtar amach mar seo a leanas:

  • 11 mhúinteoir bunscoile cláraithe, naonúr acu tofa ag múinteoirí cláraithe agus beirt acu ainmnithe as ceardchumann na múinteoirí
  • 11 mhúinteoir iar-bhunscoile, seachtar acu sin a thogh múinteoirí cláraithe agus ceathrar acu ar ainmnithe ceardchumann múinteoirí iad.
  • 2 ainmnithe ag coláistí oideachais
  • 2 ainmnithe ag institiúidí ardoideachais (IAOnna) sonraithe
  • 4 ainmnithe ag eagraíochtaí bainistíochta scoile (dhá bhunscoil agus dhá iar-bhunscoil).
  • 2 ainmnithe ag cumann náisiúnta tuismitheoirí
  • 5 ainmnithe ag an Aire Oideachais, lena n-áirítear duine a dhéanann ionadaíocht thar ceann Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC) agus Comhdháil na gCeardchumann (ICTU)

Comhaltaí na Comhairle

Comhaltaí a cheapadh ar an gComhairle Mhúinteoireachta

Tá 37 ball ag an gComhairle agus is múinteoirí cláraithe iad 16 díobh atá tofa ag múinteoirí, ainmníonn comhlachtaí éagsúla a shonraítear sna hAchtanna Comhairle Teagaisc, 2001-2015 16 dóibh, agus ainmníonn an tAire cúigear. Ceapann an tAire gach 37 díobh.

Is í Claire Ní Mharcaigh Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta.

Is í Mary Curley Leas-Chathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta.

Is iad seo comhaltaí na Comhairle Múinteoireachta:

Comhaltaí na Comhairle

  • Adrian Guiney

    Adrian Guiney

    Tofa - Deonach - Iar-bhunscoil - Méan-Leathanta

  • Adrieanne Healy

    Adrieanne Healy

    Tofa - Iar-bhunscoil - Deonach - Baile Átha Cliath agus Theas

  • Aileen Horkan

    Aileen Horkan

    Tofa - Bunscoil - Cúige Chonnacht/Cúige Uladh

  • Áine Lynch

    Ainmní - Bunscoil - NPC

  • Andy Pike

    Ainmní - ICTU

  • Anne Loughnane

    Anne Loughnane

    Ainmní - ASTI

  • Bryan O'Reilly

    Bryan O'Reilly

    Ainmní - CPSMA

  • An tOll. Catherine Furlong

    An tOll. Catherine Furlong

    Ainmní - Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

  • Claire Ní Mharcaigh, Cathaoirleach

    Claire Ní Mharcaigh, Cathaoirleach

    Tofa - Earnáil BOO - Baile Átha Cliath agus Theas

  • Clodagh Kelly

    Ainmní - BOOÉ - Iar-bhunscoil

  • Clodagh O'Hara

    Clodagh O'Hara

    Tofa - Iar-bhunscoil - Earnáil na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha - Éire ar fad

  • David Fagan

    David Fagan

    Tofa - Bunscoil - Baile Átha Cliath

  • David O'Sullivan

    David O'Sullivan

    Ainmní - INTO

  • Desmond Cogan

    Desmond Cogan

    Tofa - Bunscoil - Cúige Chonnacht/Cúige Uladh

  • Edel Polly

    Ainmní - INTO

  • Fergal McCarthy

    Fergal McCarthy

    Ainmní - ACCS

  • An Dr. Fiona Crowe

    An Dr. Fiona Crowe

    Ainmní - Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh

  • Geoffrey Browne

    Geoffrey Browne

    Ceapaí de chuid an Aire

  • Gráinne Conachy

    Gráinne Conachy

    Ainmní

  • Hugh Murphy

    Ainmní - TUI

  • Hazel O'Connor-McWey

    Hazel O'Connor-McWey

    Tofa - Bunscoil - Laighean

  • Jean Beswick Duignan

    Jean Beswick Duignan

    Ainmní - TUI

  • Joseph McKeown

    Tofa - Bunscoil - Laighean

  • Liam O'Neill

    Liam O'Neill

    Ceapaí de chuid an Aire

  • Maeve McCarthy

    Maeve McCarthy

    Ainmní - Educate Together

  • Máire Kenefick

    Máire Kenefick

    Tofa - Bunscoil - Cúige Mumhan

  • Marcella Nic Niallaigh

    Marcella Nic Niallaigh

    Tofa - Bunscoil - Baile Átha Cliath

  • Mary Curley, Leas-Chathaoirleach

    Mary Curley, Leas-Chathaoirleach

    Tofa - Bunscoil - Cúige Mumhan

  • An Dr. Mary Kelly

    Ainmní - Hibernia College

  • An Dr. Neil O'Sullivan

    An Dr. Neil O'Sullivan

    Ainmní - IBEC

  • Noel Cronin

    Noel Cronin

    Tofa - Iar-bhunscoil - Earnáil BOO - Baile Átha Cliath agus Theas

  • Pádraig Curley

    Pádraig Curley

    Ainmní - ASTI

  • Patrick Knightly

    Patrick Knightly

    Tofa - Iar-bhunscoil - Deonach - Baile Átha Cliath agus Theas

  • Paul Moroney

    Paul Moroney

    Tofa - Bunscoil - Cúige Mumhan

  • Rene O'Malley

    Rene O'Malley

    Ainmní - National Parents' Council - Iar-bhunscoil

  • An tOll. Tony Hall

    Ainmní - Ollscoil na Gaillimhe

  • Ursula O'Connor

    Ursula O'Connor

    Tofa - Earnáil BOO - Méan-Laethanta-Óirthear

Coistí na Comhairle

Ar mhaithe le héascaíocht a dhéanamh ar a cuid oibre tá roinnt coistí, grúpaí oibre agus painéil bunaithe ag an gComhairle. Tá na mionsonraí faoi fheidhmeanna agus faoi bhallraíocht gach ceann acu seo le fáil thíos.

Déanann an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca éifeachtacht nósanna imeachta rialaithe inmheánacha na Comhairle Múinteoireachta a mheas, lena n-áirítear an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí.

I measc na bhfreagrachtaí tá:

  1. Tuairisciú airgeadais
  2. Socruithe bainistithe riosca
  3. Córas rialaithe inmheánaigh na Comhairle
  4. Feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí
  5. Tuairisciú airgeadais
  6. Nochtaí cosanta

Tá an Coiste Iniúchóireachta comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • David O’Sullivan (Cathaoirleach)
  • Ursula O’Connor
  • Patrick Knightly
  • Clodagh Kelly
  • Gráinne Conachy
  • Folamh (Folúntas seachtrach)
  • Folamh (Folúntas seachtrach)

Éisteoidh Painéal den Choiste Araíonachta le gearán tarchurtha chuige ón gCoiste Imscrúdúcháin. Déantar an éisteacht a reachtáil de réir Ailt 43 agus Sceidil 3 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, agus na rialacha agus nósanna imeachta gaolmhara atá dréachtaithe ag an gComhairle. Mar thoradh ar an éisteacht, d’fhéadfadh go mbeadh míoiriúnacht don teagasc mar thoradh ag an bpainéal, nó d’fhéadfaí an t-iarratas a dhíbheann. Cuireann an painéal a thuairisc faoi bhráid an Choiste Araíonachta.

Nuair a shroichtear toradh “neamh-infheidhme chun teagaisc”, gearrann an Coiste smachtbhanna cuí agus d’fhéadfadh go mbeadh aistarraingt clárúcháin go sealadach nó go buan, nó leanúntas leis an gclárúchán faoi réir ag roinnt coinníollacha.

Tá an Coiste Araíonochta comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Adrian Guinan (Cathaoirleach)
  • Jean Beswick Duignan
  • Edel Polly
  • Pádraig Curley
  • Clodagh O’Hara
  • Máire Kenefick
  • Paul Moroney
  • Adrieanne Healy
  • An Dr. Neil O’Sullivan
  • Fergal McCarthy
  • Áine Lynch
  • Maeve McCarthy
  • Andy Pike

Tabharfaidh an Coiste comhairle don Chomhairle agus déanfaidh sé moltaí sna réimsí seo a leanas:

  • Caighdeáin iontrála chuig an ngairm múinteoireachta – na ceanglais maidir le hiontráil ar chláir oideachais tosaigh múinteoirí sa stát.
  • Cleachtadh na Múinteoireachta – Athbhreithniú ar chaighdeáin eolais, scileanna agus inniúlachta a theastaíonn le haghaidh cleachtadh na múinteoireachta.
  • Cáilíochtaí múinteoireachta – lena n-áirítear critéir agus nósanna. imeachta a fhorbairt le haghaidh athbhreithnithe agus creidiúnaithe
  • Ionduchtú iontrála nua – nithe a bhaineann le baill nua a ionduchtú chuig an ngairm.
  • Idirchaidreamh agus comhairliúchán leis an gCoiste Clárúcháin – maidir le pointí 2, 3 agus 4 thuas.
  • An fhoghlaim a dhéanann Múinteoirí (FGL/CPD) – Foghlaim ghairmiúil na múinteoirí a chur chun cinn agus athbhreithniú agus creidiúnú clár foghlama gairmiúla (FGL/CPD) de réir Alt 39 (nuair a thosaíonn siad) de na hAchtanna.
  • Cóid Iompair Ghairmiúil – Dréachtú agus athbhreithniú ar chóid iompair ghairmiúil do mhúinteoirí, i gcomhar leis na Coistí Imscrúdaithe agus Araíonachta. Beidh an coiste ar an eolas go háirithe d’oibleagáidí na Comhairle faoi alt 7.2. de na hAchtanna.
  • Taighde – Forbairt, cur i bhfeidhm agus athbhreithniú ar straitéis taighde na Comhairle.
  • Úsáid saineolais ghairmiúil a cheadú ó am go ham, chun cuidiú leis an bPainéal Cáilíochtaí agus leis an bpróiseas athbhreithnithe agus creidiúnaithe.

Tá an Coiste tar éis údarás a tharmligean ag an gComhairle freisin chun aighneachtaí agus tuairiscí a ullmhú ar shaincheisteanna oideachais i gcomhréir leis an mbeartas a d’aontaigh an Chomhairle agus chun athbhreithniú a dhéanamh agus ar chláir chreidiúnaithe Oideachais Tosaigh Múinteoirí, dá dtagraítear in Alt 38(1) den Acht, ach amháin i gcás ina bhfuil achomharc ann.

Tá an Coiste Oideachais comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Noel Cronin (Cathaoirleach)
  • Clodagh O’Hara
  • Clodagh Kelly
  • Desmond Cogan
  • Pádraig Curley
  • Maeve McCarthy
  • An tOll. Catherine Furlong
  • An Dr. Fiona Crowe
  • Máire Kenefick
  • David Fagan
  • Adrieanne Healy
  • Gráinne Conachy
  • Liam Ó Néill

Déanann an Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht na Comhairle fianaise carachtair iarratasóirí a éilíonn clárúcháin mar mhúinteoirí leis an gComhairle a mheas. Déantar é seo agus aird á tabhairt ar na treoirlínte atá faofa ag an gComhairle.

Nuair a bhíonn sé mar chinneadh ag an bPainéal go bhfágann fianaise carachtair iarratasóra é/í mí-oiriúnach don chlárúchán, cuirfidh an Painéal a chinneadh, na fáthannna leis an gcinneadh, agus na bealaí chun cinn atá ann don iarratasóir ag an bpointe sin. Ullmhaíonn an Painéal tuairisc ansin le cur faoi bhráid an Choiste Clárúcháin.

Tá an Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Jean Beswick Duignan (Cathaoirleach)
  • Pádraig Curley
  • Hazel O’Connor-McWey
  • Joseph McKeown
  • An tOll. Catherine Furlong
  • Bryan O’Reilly
  • Andy Pike

Éascaíonn na Coistí Feidhmiúcháin feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil na Comhairle. Tá a fheidhmeanna leagtha amach in Alt 26 d’Achtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, arna leasú. Chomh maith lena fheidhmeanna reachtacha déanann an Coiste Feidhmiúcháin maoirseacht ar chur chun cinn na gairme, ar straitéis chumarsáide na Comhairle agus ar leasuithe reachtacha atá beartaithe.

Tá an Coiste Feidhmiúcháin comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Claire Ní Mharcaigh (Cathaoirleach na Comhairle)
  • Mary Curley (Leas-Chathaoirleach na Comhairle)
  • Anne Loughnane (Cathaoirleach Clárúcháin)
  • David O’Sullivan (Cathaoirleach Iniúchóireachta)
  • Noel Cronin (Cathaoirleach Oideachais)
  • Edel Polly (Cathaoirleach Airgeadais)
  • Liam Ó Néill
  • Patrick Knightly
  • Gráinne Conachy
  • Fergal McCarthy
  • An Dr. Fiona Crowe

Déanann an Coiste Airgeadais maoirseacht ar ghnóthaí airgeadais na Comhairle ar a n-áirítear ullmhúchán an bhuiséid bhliantúil, monatóireacht leanúnach ar theacht isteach agus ar chaiteachas, agus ar shocruithe na Comhairle maidir le curamaí ginearálta riarachán.

Áirítear mar chuid dá fheidhmeanna.

  • Athbhreithniú agus tuairisciú ar ghnóthaí airgeadais na Comhairle
  • Breathnú maidir leis an mbuiséad bliantúil
  • Athbhreithniú a dhéanamh, ag tréimhsí rialta aitheanta le linn timthrialla an bhuiséid bhliantúil, ar iarbhír theacht isteach agus ioncaim i gcoinne an bhuiséid agus deimhniú a dhéanamh nuair is gá go ndéantar buiséad leasaithe a ullmhú
  • Monatóireacht a dhéanamh ar dháileadh an chiste airgid
  • Athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh maidir le táillí na Comhairle
  • Teagmháil a dhéanamh le, agus cuntais a ullmhú do, na hiniúchóirí agus tuairisciú don Chomhairle maidir le cúinsí airgeadais.

Tá an Coiste Airgeadais comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Edel Polly (Cathaoirleach)
  • Hugh Murphy
  • Adrian Guinan
  • Marcella Nic Niallaigh
  • Geoffrey Browne
  • Fergal McCarthy
  • An Dr. Mary Kelly

Beidh an Chomhairle, nó aon duine eile, ábalta iarratas a chur faoi bhráid an Choiste Imscrúdúcháin maidir le hiniúchadh ar oiriúnacht don chleachtas aon mhúinteora sna cúinsí seo a leanas:

Má theip ar mhúinteoir i gcomhlíonadh, nó má sháraigh sé/sí, an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, an tAcht Oideachais, 1998, an tAcht Oideachais (Leas), 2000, nó na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1999, nó aon rialachán, rialacha nó orduithe atá clúdaithe faoi na hAchtanna seo.

  • Má shíltear iompar an mhúinteora a bheith i réimse an mhí-iompair ghairmiúil mar atá leagtha síos san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001
  • Má bhíonn faillí i gclárú an mhúinteora i ngeall ar eolas míchruinn nó calaoiseach a bheith tugtha nó mífháisnéis a bheith léirithe nó
  • Muna mbíonn ar a c(h)umas teagasc I ngeall ar chúinsí leighis.
  • Ní bheidh baint ag an gCoiste ach an oiread le gnóthaí leathúla a bhaineann le conradh ná le haraíonacht, ná ní bheidh suntas á thabhairt ag an gComhairle do ghearáin ar Féidir déileáil níos fear leo ag an leibhéal áitiúil.

Nuair a shíltear é a bheith cuí a leithéid a dhéanamh, cuirfidh an Coiste an t-iarratas ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta.

Tá an Coiste Imscrúdúcháin comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Mary Curley (Cathaoirleach)
  • Anne Loughnane
  • Hugh Murphy
  • Ursula O’Connor
  • Joseph McKeown
  • Aileen Horkan
  • Patrick Knightly
  • Geoffrey Browne
  • Bryan O’Reilly
  • An tOll. Catherine Furlong
  • Rene O’Malley

Is iad na comhaltaí seo a leanas atá ar an bPainéal Cáilíochtaí:

  • Desmond Cogan (Cathaoirleach)
  • Ursula O’Connor
  • Hazel O’Connor-McWey
  • Adrieanne Healy
  • An Dr. Mary Kelly
  • An tOll. Tony Hall
  • Geoffrey Browne

Cuireann an Coiste Clárúcháin comhairle ar fáil don Chomhairle agus déanann sí moltaí faoi gach gné de chlárúchán múinteoirí ag an gComhairle. Baineann an obair seo le comhairle agus moltaí a chur ar fáil faoi:

  • Na rialacha a rialaíonn an clárúchán
  • Na próisis a bhaineann lena leithéid de rialacha a chur I bhfeidhm
  • An próiseas a úsáidtear chun cinntí painéal a athbhreithniú
  • Comhdhéanamh na dtéarmaí tagartha do na Painéail Iarratas Bunoideachas agus Iarbhunoideachas agus don Phainéal ar Fhianaise Carachtair
  • Ceapachán measúnóirí chun cuidiú leis na Painéil Iarratas agus leis an bpróiseas ar Athbhreithniú Cinnidh
  • Comhairle a chur ar an gComhairle maidir leis an gcineál teastais ata le heisiúint
  • Critéir agus treoir don bhreithmheas ar cháilíochtaí don chlarúchán
  • Gnóthaí a bhiineann le Fianaise Carachtair agus promhadh.

Mar aon leis sin, déanann an Coiste Clárúcháin, agus é ag feidhmiú thar ceann na Comhairle, athbhreithniú ar chinntí faoi iarratais don chlárúchán a bhíonn déanta ag na Painéil Iarratais Bunleibhéal agus Iar-bhunleibhéal agus ag an bPainéal ar Fhianaise Carachtair, nuair a éilíonn an t-Iarratasóir a leithéid. Déantar é seo de réir an phróisis ar Athbhreithniú Cinnidh atá glachta ag an gComhairle.

Tá an Coiste Clárúcháin comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • Anne Loughnane (Cathaoirleach)
  • Patrick Knightly
  • Jean Beswick Duignan
  • Noel Cronin
  • David Fagan
  • Desmond Cogan
  • Marcella Nic Niallaigh
  • Gráinne Conachy
  • An Dr. Neil O’Sullivan
  • Maeve McCarthy
  • An Dr. Mary Kelly
  • An tOll. Tony Hall
  • Fergal McCarthy

Tá seachtar ball ar an bPainéal Clárúcháin agus buaileann siad le chéile uair sa mhí chun plé a dhéanamh ar fhoirmeacha iarratais ar shíneadh ama curtha isteach ag múinteoirí atá seacht mbliana nó níos mó ar an gclár agus gan aon rud déanta acu go fóill faoina gcoinníoll(acha). Is féidir leis an gCeann Clárúcháin múinteoirí a atreorú chuig an bPainéal Clárúcháin.

Is féidir leis an bPainéal síneadh ama a thabhairt, a chur siar, nó a dhiúltú bunaithe ar an bhfoirm iarratais ar shíneadh ama a chuir an múinteoir isteach in éineacht lena c(h)áipéisíocht tacaíochta.

Is iad na comhaltaí seo a leanas atá ar an Clárúcháin:

  • Clodagh O’Hara (Cathaoirleach)
  • Aileen Horkan
  • Adrian Guinan
  • Paul Moroney
  • Gráinne Conachy
  • Hugh Murphy
  • An Dr. Fiona Crowe