Maidir leis an leabhrán seo
Sa leabhrán seo deirtear leat cad atá le déanamh má dhéantar gearán fút. Tá gluais curtha isteach againn chun cuidiú leat na téarmaí tábhachtacha a thuiscint.
Maidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an rialálaí ar ghairm na múinteoireachta in Éirinn. Is é an ról atá againn ná an pobal a chosaint trí chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú. I measc fheidhmeanna na Comhairle Múinteoireachta, áirítear imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi mhúinteoirí cláraithe.
1. Eolas ginearálta
Cén fáth a ndéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta gearáin faoi mhúinteoirí a fhiosrú?
Mar rialálaí ar ghairm na múinteoireachta, ceanglaítear orainn de réir an dlí breathnú isteach i ngearáin faoi mhúinteoirí atá cláraithe linn. Is é Cuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001, arna leasú an dlí sonrach lena mbaineann. Féadfaidh tú an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001, arna leasú, a fheiceáil nó a íoslódáil ó www.teachingcouncil.ie/ga
Cé atá in ann gearán a dhéanamh?
Féadfaidh aon duine, lena n-áirítear baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile, gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe. Anuas air sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta féin gearán a dhéanamh.
An gcaithfear gearán a ardú leis an scoil sular féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta é a mheas?
Go ginearálta, ba cheart don ghearánach a ngearán a thabhairt chuig scoil an
mhúinteora. Ina dhiaidh sin, is féidir leo a ngearán a dhéanamh leis an
gComhairle Mhúinteoireachta.
I bhformhór na gcásanna, ní féidir linn gearán a fhiosrú go dtí go mbeidh nósanna imeachta smachta na scoile (a bunaíodh faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ídithe¹ (nó go dtiocfaidh deireadh leo), mura bhfuil cúiseanna maithe leordhóthanacha ann le dul ar aghaidh lena leithéid.
Is faoin gCoiste Imscrúdúcháin atá sé cinneadh a dhéanamh an bhfuil cúiseanna maithe leordhóthanacha ann. Ar na cúiseanna maithe leordhóthanacha a d‘fhéadfadh a bheith san áireamh tá, mar shampla, sa chás go bhfuil leanaí nó daoine leochaileacha, nó go bhféadfadh siad a bheith, i mbaol díobhála, nó sa chás go bhfuil an t-iompar de chineál a chuirfeadh míchlú ar ghairm na múinteoireachta.
Cathain a bhfuil dualgas ar m’fhostóir faisnéis a thabhairt don
Chomhairle Mhúinteoireachta?
Cuireadh tús le Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Faisnéis atá le tabhairt ag fostóir i gcás múinteoir cláraithe a bheith dífhostaithe nó éirithe as) 2023 (I.R. Uimh. 230 de 2023) (“Rialacháin 2023”) ar an 11 Bealtaine 2023. Le Rialacháin 2023 cuirtear oibleagáid dhlíthiúil ar fhostóirí faisnéis ar leith a sholáthar dúinn i gcúinsí ina mbíonn:
(a) an múinteoir cláraithe briste as a p(h)ost ag a f(h)ostóir, nó
(b) éirithe as agus leanann an t-éirí as sin –
- gearán déanta maidir leis an múinteoir sin (seachas gearán a dhéantar i ndáil leis an múinteoir faoi alt 42 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 (Uimh. 8 as 2001), nó
- nósanna imeachta a agairt faoi alt 24 den Acht Oideachais 1998 (Uimh. 51 de 1998), nó cibé nósanna imeachta eile a fhéadfar a agairt, i leith an mhúinteora.
Seo a leanas an t-eolas nach mór a sholáthar, i scríbhinn don Chomhairle:
(a) ainm agus seoladh an fhostóra;
(b) ainm agus, i gcás inarb eol sin, seoladh an mhúinteora chláraithe lena mbaineann
(c) uimhir chlárúcháin an mhúinteora chláraithe mar atá iontráilte i gClár na Múinteoirí;
(d) I gcás ina bhfuil an múinteoir cláraithe briste as a p(h)ost –
- na cúiseanna leis an dífhostú,
- gach doiciméad a bhaineann leis an bpróiseas araíonachta as a dtagann an dífhostú, agus
- gach gearán a rinneadh maidir leis an múinteoir (lena n-áirítear aon
ghearán a rinneadh maidir leis an múinteoir faoi alt 42 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001) a chuir leis an dífhostú, nó a raibh an dífhostú mar thoradh air, lena n-áirítear cóipeanna díobh seo a leanas:- litreacha gearáin;
- ráitis ó fhinnéithe;
- miontuairiscí nó nótaí na gcruinnithe a tionóladh leis an múinteoir
lena mbaineann; - ráitis agus freagraí ón múinteoir lena mbaineann.
(e) I measc na gcúinsí a bhaineann leis an dífhostú nó leis an éirí as an bpost tá –
- cibé an bhfuil na himthosca sin faoi réir aon imscrúdúcháin (lena n-áirítear
stádas aon imscrúdúcháin den sórt sin) ag aon duine eile, lena n-áirítear an Garda Síochána nó Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach), agus - cibé acu atá nó nach bhfuil aon imeachtaí sibhialta beartaithe nó ar marthain i ndáil leis na himthosca a bhaineann leis an dífhostú nó leis an éirí as an bpost, agus
(f) nuair is eol, stádas fostaíochta reatha, agus ionad oibre an mhúinteora chláraith.
Cad iad na cineálacha gearán a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta a fhiosrú?
Ní féidir linn ach féachaint ar ghearáin a bhaineann le múinteoirí cláraithe. Má tá múinteoir cláraithe linn, is féidir linn breathnú isteach i ngearáin faoin méid a leanas:
- Mí-iompar gairmiúil;
- drochfheidhmíocht ghairmiúil;
- ag tabhairt faoi iompar atá in aghaidh an Chóid Iompair Ghairmiúil;
- gan a bheith ábalta teagasc a dhéanamh ó thaobh sláinte de;
- ciontú de bharr cionta áirithe;
- mura gcomhlíontar nó má sháraítear foráil den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, den Acht Oideachais, 1998, den Acht um Leas Oideachais, 2000, den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013, agus aon rialacháin, rialacha nó orduithe atá déanta faoi na hAchtanna sin;
- mainneachtain gealltanas a chomhlíonadh nó aon ghníomh a dhéanamh a shonraítear i dtoiliú a tugadh do phainéal den Choiste Araíonachta ag fiosrúchán roimhe sin; agus
- clárúchán earráideach mar gheall ar dhearbhú nó mífhaisnéis bhréagach nó chalaoiseach.
Ina theannta sin, féadfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta gearán a dhéanamh leis an gCoiste Imscrúdúcháin.Tharlódh sé sin sna cúinsí seo a leanas:
- Má bhíonn mí-iompar nó dochar ann do leanbh.
- Má tháinig eolas chun solais i nochtadh grinnfhiosrúcháin a fuair an Chomhairle Mhúinteoireachta.
De ghnáth, breathnaímid ar ghearáin inar tharla na hábhair a ndearnadh gearán fúthu ar an 25 Iúil 2016 nó ina dhiaidh sin. Má tharla na nithe líomhnaithe níos luaithe, ní féidir linn breathnú isteach sa ghearán ach amháin i gcúinsí áirithe.
I measc na gcúinsí sin tá:
- sa chás gur ciontaíodh múinteoir i gcineál áirithe ciona choiriúil; nó
- go raibh an t-iompar a ndearnadh gearán faoi ina chion coiriúil ag an am a tharla sé agus go bhfuil sé de chineál a bheadh ina chúis le réasún le fíor-ábhar imní go bhféadfaí dochar a dhéanamh do leanbh nó do dhuine leochaileach.
Ionas go dtarchuirfidh ár gCoiste Imscrúdúcháin gearán chuig ár gCoiste Araíonachta, ní mór an gearán a bheith de chineál tromchúiseach.
An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh d’Éirinn?
Is féidir linn breathnú isteach i ngearán faoi rud éigin a tharla taobh amuigh d’Éirinn. Ní mór baint a bheith aige leis an méid a leanas:
- mí-iompar gairmiúil
- drochfheidhmíocht ghairmiúil
- ciontuithe i leith cionta áirithe
An féidir leis an ngearán i mo choinne a bheith bainteach le hiompar lasmuigh de mo ghairm mhúinteoireachta?
Is féidir linn féachaint ar ghearáin a bhaineann le hiompar lasmuigh de do
ghairm mhúinteoireachta.
Áirítear ar na forais sin:
- Ciontuithe i leith cionta áirithe; agus
- Sa chás go bhfuil an t-iompar de chineál chomh tromchúiseach a thabharfadh an ghairm i míchlú.
An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta breithniú a dhéanamh ar ghearán faoi rud éigin a tharla taobh amuigh den scoil, agus mé i mbun mo ghairm mhúinteoireachta?
Is féidir le gearán i gcoinne múinteora chláraithe:
- a bheith faoi aon ghníomhaíocht ghairmiúil a bhaineann leis an scoil; nó
- a bheith faoi aon ghníomhaíocht nó ról a dhéantar ina gcáil mar mhúinteoir cláraithe.
An gcuirfear in iúl dom maidir le gearán fúm?
Cuirfear. Inseoimid duit má fhaighimid gearán fút. Seolfaimid na nithe seo a leanas chugat:
- cóip den ghearán agus aon doiciméid a fhaightear leis an ngearán;
- agus aon fhaisnéis bhreise a fhaighimid faoin ngearán le linn an phróisis gearán.
Beidh deis agat barúil a thabhairt i scríbhinn maidir leis an ngearán, agus maidir leis an bhfaisnéis agus na doiciméid go léir a fhaighimid le linn phróiseas an ghearáin
An gcuirfear in iúl do mo scoil nó fostóir maidir leis an ngearán?
Féadfaidh an Coiste Imscrúdúcháin faisnéis a lorg ó do scoil nó ó d’fhostóir. Bheadh sé sin mar chuid de bhreithniú agus d’imscrúdú an ghearáin. Dá bhrí sin, is dócha go mbeidh d’fhostóir ar an eolas faoin ngearán.
Ina theannta sin, déanfaidh an Coiste Imscrúdúcháin, a luaithe is féidir, fógra a thabhairt do d’fhostóir. Má tá an gearán de chineál a eascróidh as ábhar imní go bhféadfá dochar a dhéanamh do leanbh nó do dhuine leochaileach.
Ag deireadh bhreithniú an ghearáin ag an gCoiste Imscrúdúcháin, cuirfear cóip de chinneadh an Choiste Imscrúdúcháin ar fáil do d’fhostóir.
Má chinneann an Coiste Imscrúdúcháin an gearán a tharchur chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, inseoimid toradh an fhiosrúcháin do d’fhostóir tar éis dó teacht chun críche.
Cad ba cheart dom a dhéanamh nuair a insítear dom faoi ghearán fúm?
B’fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a lorg nó cabhair ó chomhghleacaí/ionadaí ceardchumainn/ionadaí eile.
Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit faoi na saincheisteanna a ardaíodh sa ghearán, agus ní aisíocfaimid costas aon ionadaíochta leat. Is féidir linn ár bpróiseas gearán a mhíniú duit féin nó do d’ionadaí.
An bhfuil aon rud nár cheart dom a dhéanamh nuair a insítear dom faoi ghearán fúm?
Níor cheart duit an gearán a phlé leis an duine a rinne an gearán.
Má tá dalta/iardhalta i gceist, níor cheart duit an gearán a phlé leo, ná níor cheart duit é a phlé lena dtuismitheoirí/gcaomhnóirí.
Beartas Príobháideachais
Próiseálann an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí de réir a Polasaí Príobháideachais.
B’fhéidir go mbeadh sé riachtanach dúinn faisnéis faoi ghearán a chur ar aghaidh chuig comhlachtaí eile. Ina measc seo tá Tusla (An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach), An Garda Síochána, agus/nó an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. Tá sé seo de réir ár n-oibleagáidí maidir le cosaint leanaí agus daoine leochaileacha
2. An próiseas gearán
Cé a dhéanann an gearán a fhiosrú?
Téann gearáin chuig Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta agus chuig an
bhfoireann ábhartha. Déanfaidh an Stiúrthóir athbhreithniú ar an ngearán.
Is féidir leis an Stiúrthóir an gearán a dhiúltú más rud é:
- nach bhfuil i scríbhinn agus sínithe; agus
- nach bhfuil doiciméid agus faisnéis ábhartha ag gabháil leis.
Is féidir leis an Stiúrthóir an gearán a dhiúltú freisin má cheapann an Stiúrthóir go bhfuil sé:
- suaibhreosach;
- cráiteach;
- déanta de mheon mímhacánta nó mí-úsáid próisis.
Má dhiúltaíonn an Stiúrthóir don ghearán, is féidir leis an duine a rinne an gearán achomharc a dhéanamh.
Déanann siad amhlaidh trí achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Stiúrthóra chuig an gCoiste Imscrúdúcháin.
Is féidir leis an Stiúrthóir an gearán a tharchur chuig an gCoiste Imscrúdúcháin. Má dhéantar amhlaidh, breathnóidh an Coiste ar an ngearán.
An mbeadh aon chúiseanna ann nach ndéanfadh an Coiste Imscrúdúcháin an gearán a fhiosrú?
Ní fhéachfaidh an Coiste Imscrúdúcháin (an “Coiste”) ar an ngearán más rud é:
- nach bhfuil an múinteoir (ábhar an ghearáin) cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta;
- go gcreideann an Coiste nach mbaineann an gearán le feidhmiúlacht an mhúinteora chun múineadh;
- nach bhfuil nósanna imeachta smachta na scoile (a bunaíodh faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ídithe nó tagtha chun deiridh. Féadfaidh an Coiste a chinneadh, áfach, go bhfuil cúiseanna maithe leordhóthanacha ann le leanúint ar aghaidh;
- tharla na nithe a bhfuil tú ag gearán fúthu roimh an 25 Iúil 2016. Sa chás seo, féadfaidh an Coiste an gearán a fhiosrú fós i gcúinsí áirithe. Leagtar iad sin amach sa rannán a bhaineann le Faisnéis Ghinearálta i gcuid 1 thuas.
Má chinneann an Coiste Imscrúdúcháin gan féachaint ar an ngearán, tá an próiseas gearán tagtha chun deiridh. Ní féidir leis an ngearánach achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Choiste Imscrúdúcháin
Má chinneann an Coiste Imscrúdúcháin ar an ngearán a fhiosrú, cad a dhéanfaidh sé?
a) Féadfaidh an Coiste iarraidh ort freagra a thabhairt ar an ngearán i scríbhinn.
b) Féadfaidh an Coiste iarraidh ar an duine a rinne an gearán tuilleadh eolais a chur ar fáil. D’fhéadfadh an Coiste iarraidh ar d’fhostóir, ar do scoil, nó ar aon duine/eagraíocht ábhartha eile, faisnéis a sheoladh isteach.
c) D’fhéadfadh an Coiste sainchomhairle nó cabhair a lorg. D’fhéadfadh sé sin tarlú má thugtar le fios sa ghearán go mb’fhéidir nach mbeifeá in ann múineadh ó thaobh leighis de. Más amhlaidh an cás, b’fhéidir go n-iarrfadh an Coiste ort dul faoi scrúdú dochtúra.
D’fhéadfadh imscrúduithe eile a bheith ar bun ag an gCoiste Imscrúdúcháin. Inseofar duit faoi na himscrúduithe atá ar bun ag an gCoiste. Cuirfear an fhaisnéis agus an doiciméadacht go léir a fhaigheann an Coiste Imscrúdúcháin ar fáil duit mar chuid dá bhreithniú ar an ngearán. Tabharfar deis duit freisin tuairimí a thabhairt ar an bhfaisnéis agus/nó ar an doiciméadacht go léir atá faighte ag an gCoiste. Tarlóidh sé sin sula ndéanfaidh an Coiste cinneadh maidir leis an ngearán a rinneadh fút.
Bíonn cruinnithe an Choiste Imscrúdúcháin ar siúl go príobháideach. Ní bheidh tú i dteideal freastal ar na cruinnithe. B’fhéidir go mbeidh ar an gCoiste teacht le chéile roinnt uaireanta sula ndéanann sé cinneadh faoin ngearán.
Cad a tharlaíonn tar éis don Choiste Imscrúdúcháin an gearán a fhiosrú?
Is féidir leis an gCoiste Imscrúdúcháin an méid a leanas a dhéanamh:
- an gearán ar fad nó cuid de a tharchur chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin; nó
- cinneadh a dhéanamh nach bhfuil gá le haon ghníomhaíocht eile.
Má chinneann an Coiste Imscrúdúcháin nach bhfuil gá le haon ghníomhaíocht eile, tagann an próiseas gearán chun deiridh. Ní féidir achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh an Choiste Imscrúdúcháin.
Ní mór gearán tromchúiseach a bheith i gceist leis an ngearán ionas gur féidir leis an gCoiste Imscrúdúcháin é a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta.
Féach thíos cairt den phróiseas gearán:

- Gearán faighte
- Athbhreithniú an Stiúrthóra
- Coiste Imscrúdaithe
- Má chuireann an Coiste Imscrúdaithe é ar aghaidh, bíonn fiosrúchán ag an gCoiste Araíonachta
- Má chruthaítear gearán, d’fhéadfadh an painéal smachtbhanna a chur i bhfeidhm
- Ard-Chúirt (achomharc nó deimhniú de smachtbhannaí níos tromchúisí)
3. Próiseas an fhiosrúcháin
Cad is fiosrúchán ann?
De ghnáth, is éard atá i gceist le fiosrúchán ná éisteacht ó bhéal os comhair painéal den Choiste Araíonachta. Tá sé cosúil le héisteacht chúirte nó binse ina dtugann finnéithe fianaise faoi mhionn.
Mar sin féin, is féidir leat fiosrúchán páipéarbhunaithe a iarraidh. Ciallaíonn sé seo go ndéantar an fiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid agus ar aighneachtaí scríofa. Ina theannta sin, is féidir le painéal an Choiste Araíonachta iarraidh ort toiliú leis an gcineál fiosrúcháin páipéarbhunaithe sin freisin. Déantar fiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid agus aighneachtaí scríofa go príobháideach agus ní bhíonn aon duine i láthair seachas painéal an Choiste Araíonachta a bhíonn i mbun an fhiosrúcháin agus a chomhairleoir dlí.
Déanann painéal an Choiste Araíonachta cinneadh ar cén cur chuige atá oiriúnach. Sa chuid is mó de na cásanna, is é éisteacht ó bhéal a bheidh ar siúl
Cá mbeidh an éisteacht ar siúl?
Bíonn formhór na n-éisteachtaí ar siúl in oifigí na Comhairle Múinteoireachta ag:
Bloc A,
Campas Gnó Mhaigh Nuad,
Maigh Nuad,
Co. Chill Dara,
W23 Y7X0
Ó am go chéile, féadfar éisteachtaí a thionól in áit eile nó ar líne.
Roimh an éisteacht, scríobhfaimid chugat leis an suíomh, an dáta agus an t-am ar
cheart duit freastal air.
Conas a ullmhaítear an éisteacht?
Beidh Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta freagrach as an bhfianaise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an phainéil ag an éisteacht. Déanfaidh an Stiúrthóir iarracht an gearán a chruthú ag an éisteacht. Is iondúil go bhfaighidh an Stiúrthóir aturnaetha chun an fhianaise a ullmhú agus a chur i láthair ag an éisteacht. Sula mbeidh an éisteacht ar siúl, baileoidh an Stiúrthóir agus na haturnaetha fianaise ar nós na nithe seo a leanas
- tuarascálacha;
- comhfhreagras; agus
- ráitis finné i scríbhinn.
Roimh an éisteacht, cuirfimid na nithe seo a leanas chugat
- Fógra Fiosrúcháin ina bhfuil na líomhaintí i do choinne;
- cóipeanna den fhianaise go léir; agus
- liosta finnéithe a nglaofaidh an Stiúrthóir orthu chun fianaise a thabhairt
An reáchtálfar an éisteacht go poiblí nó go príobháideach?
Bíonn éisteachtaí ar siúl go poiblí mura n-iarrann an múinteoir nó finné ar an bpainéal an éisteacht nó cuid den éisteacht a thionól go príobháideach, agus go bhfuil an painéal sásta go mbeadh sé oiriúnach é sin a dhéanamh. Má thionóltar éisteacht go poiblí, féadfaidh an painéal, i gcúinsí áirithe, aitheantas na ndaoine atá i gceist, lena n-áirítear an múinteoir a choinneáil faoi rún.
Cé a bheidh i láthair sa seomra éisteachta?
Painéal an Choiste Araíonachta – Áireofar leis sin idir triúr agus cúigear atá ina mbaill den Choiste Araíonachta. Feidhmeoidh ball amháin den phainéal mar Chathaoirleach.
An Measúnóir Dlí – Is abhcóide é sin a shuífidh leis an bpainéal. Cuirfidh sé/sí comhairle orthu faoi shaincheisteanna dlí nó nós imeachta. Ní dhéanann an measúnóir dlí cinneadh maidir le cé acu ar cruthaíodh an gearán. Is don phainéal amháin é sin.
Ionadaithe dlí an Stiúrthóra – D’fhéadfaí a áireamh orthu sin aturnaetha/ abhcóidí a chuirfidh an cás i láthair thar ceann an Stiúrthóra.
Foireann na Comhairle Múinteoireachta.
Tusa, an múinteoir cláraithe.
Do chuid ionadaithe – D’fhéadfadh ionadaithe dlí, ceardchumainn nó ionadaithe eile a d’fhéadfadh gníomhú ar do shon a bheith i gceist leo sin. Cuirfidh siad do sheasamh in iúl don pjainéal. Ceisteoidh siad na finnéithe faoina bhfianaise. Mura bhfuil ionadaithe agat, féadfaidh tú é sin a dhéanamh tú féin.
An Luathscríbhneoir – An duine a thaifeadann an fhianaise a thugtar ag an éisteacht.
An pobal – Más éisteacht phoiblí atá ann, d’fhéadfadh sé go mbeadh baill den phobal ann, iriseoirí san áireamh, i láthair. Is iondúil go suíonn siadsan ag cúl an tseomra éisteachta.
An féidir liom finnéithe a cheistiú, nó an féidir le m’ionadaithe é sin a dhéanamh má tá ionadaíocht agam?
Cuirfidh ionadaithe an Stiúrthóra glaoch ar fhinné chun fianaise a thabhairt.
Cuirfidh siad ceisteanna ar an bhfinné ar dtús bunaithe ar a ráiteas sínithe.
Ansin, is féidir leat féin nó le d’ionadaithe ceisteanna a chur. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an painéal roinnt ceisteanna a chur. Baineann an próiseas céanna sin leis na finnéithe go léir a ghlaonn an Stiúrthóir
An féidir liom glaoch ar fhinnéithe nó an féidir le m’ionadaithe é sin a dhéanamh má tá ionadaíocht agam?
Sea, is féidir leat féin nó le d’ionadaithe glaoch ar d’fhinnéithe féin chun fianaise a thabhairt freisin. Beidh ionadaithe an Stiúrthóra agus an painéal in ann d’fhinnéithe a cheistiú.
An gá dom fianaise a thabhairt?
Ní gá. Is fút féin atá sé a chinneadh cé acu fianaise a thabhairt nó gan aon fhianaise a thabhairt.
4. Tar éis an fhiosrúcháin
Cad a dhéanfaidh an painéal nuair a thiocfaidh an fiosrúchán chun críche?
Beag beann má tharlaíonn an fiosrúchán mar éisteacht ó bhéal nó mar scrúdú ar dhoiciméid ábhartha agus aighneachtaí i scríbhinn, ullmhóidh an painéal tuarascáil ag deireadh an fhiosrúcháin. Luafar sa tuarascáil cé acu ar cruthaíodh an gearán. De ghnáth, caithfear gearáin a chruthú thar amhras réasúnta.
Cad a d’fhéadfadh tarlú dom má chruthaítear an gearán?
Má chruthaítear an gearán, beidh ar an bpainéal cinneadh a dhéanamh maidir le smachtbhanna (pionós) a fhorchur.
D’fhéadfadh an painéal cinneadh a dhéanamh:
a) comhairle a chur ort, achasán a thabhairt duit nó tú a cháineadh;
b) coinníollacha a chur ar do chlárúchán;
c) tú a chur ar fionraí ón gclár ar feadh tréimhse socraithe (suas le dhá bhliain);
(Chiallódh sé sin nach mbeifeá in ann múineadh i bpost atá cistithe ag an Roinn Oideachais agus Óige ar feadh an ama a bhfuil tú ar fionraí ón gclár.)
d) tú a bhaint den chlár agus gan cead a thabhairt duit iarratas a dhéanamh go gcuirfear ar ais ar an gclár thú ar feadh tréimhse socraithe.
Mar mhúinteoir neamhchláraithe, ní bheifeá in ann múineadh i bpost atá cistithe ag an Stát. Is í an Roinn Oideachais agus Óige a chistíonn na poist sin.
Tabharfar cuireadh duit aighneachtaí a dhéanamh maidir le haon smachtbhanna atá beartaithe.
An féidir liom an cinneadh a achomharc?
Má chinneann an painéal ceann de na smachtbhannaí ag b) go d) thuas a fhorchur, is féidir leat an cinneadh a achomharc chun na hArd-Chúirte laistigh de 21 lá tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh. Tionóltar na hachomhairc chun na hArd-Chúirte go poiblí.
Fiú mura ndéanann tú achomharc, ní mór dúinn iarratas a dhéanamh fós chun na hArd-Chúirt chun an cinneadh a dheimhniú, sa chás go bhfuil an smachtbhanna ann ó b) go d) thuas.
An gcuirtear m’fhostóir ar an eolas faoin toradh?
Cuirtear. Cuirfimid an toradh in iúl do d’fhostóir má tá tú fostaithe mar mhúinteoir.
Mura bhfuil an gearán cruthaithe, is féidir leat iarraidh ar Phainéal an Choiste
Araíonachta daoine ar leith a chur ar an eolas gur díbheadh an gearán nó fógra a fhoilsiú ina luaitear gur díbheadh an gearán.
Má chruthaítear an gearán, agus má ghearrtar smachtbhanna, cuirfimid an smachtbhanna in iúl don phobal má chreidimid gur chun leas an phobail é sin a dhéanamh. D’fhéadfaimis cinneadh a dhéanamh freisin torthaí an phainéil a fhoilsiú má chreidimid gur chun leas an phobail é sin a dhéanamh.
5. Mo chlárúchán
Conas a chuirtear isteach ar mo chlárú de bharr gearáin?
Ní athraíonn do chlárúchán go ginearálta nuair a fhaighimid gearán fút. Ach, d’fhéadfadh sé athrú má chruthaítear an gearán ag fiosrúchán.
Mar sin féin, tabhair faoi deara na nithe seo a leanas:
(a) Más ceadaithe san do réir staid an cháis, is féidir linn iarraidh ar an Ard-Chúirt do chlárúchán a chur ar fionraí. Tá sé seo faoi alt 47 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, arna leasú, ar feadh tréimhse ama. Bheadh an tréimhse ama seo de ghnáth go dtí go mbeidh muid críochnaithe ag féachaint ar an ngearán.
Is féidir linn iarratas ar alt 47 a dhéanamh má mheasaimid gur chun leas an phobail é sin a dhéanamh. Is annamh iarratais dá leithéid. Ní tharlaíonn siad go ginearálta ach amháin sa chás go bhfuil fíorbhaol ann don phobal.
D’fhéadfaí tú a chur ar an eolas agus cuireadh a thabhairt duit freastal ar chruinniú sula ndéantar cinneadh iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt.
Má dhéanaimid iarratas chuig an Ard-Chúirt agus má fhaighimid ordú Ard-Chúirte, cuirfimid in iúl duit láithreach é.
Ag brath ar théarmaí an ordaithe b’fhéidir go mbeadh ort:
- stopadh de bheith ag obair go hiomlán; nó
- stopadh de bheith ag obair ar bhealach ar leith nó ar ról ar leith ar feadh
tréimhse ama.
Áireoidh an Ard-Chúirt in aon ordú, ordachán i dtaobh an leanfar de thú a íoc fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm.
b) Má fhaighimid gearán fút:
- ní bheidh cead agat tarraingt siar go deonach ó Chlár na Múinteoirí. Ní féidir leis sin tarlú ach amháin nuair atá an gearán tugtha chun críche againn; agus
- ní bhainfear den Chlár thú mar gheall ar mhainneachtain iarratas a dhéanamh ar chlárúchán a athnuachan. D’fhéadfadh sé sin tarlú ní go dtí tar éis dúinn breithniú an ghearáin a thabhairt chun críche.
6. Eolas breise
Cá fhad a thógfaidh sé ar an gComhairle Mhúinteoireachta breathnú ar an ngearán?
Beidh gach gearán éagsúil. Mar sin féin, is é is aidhm dúinn go ndéanfaí cinneadh laistigh de shé nó naoi mí. Tagann an amlíne seo ón dáta a osclaítear an gearán. Mar sin féin, ní bhíonn sé sin indéanta i gcónaí, agus is féidir go nglacfaidh sé níos faide. D’fhéadfadh sé sin tarlú sa chás go bhfuil go leor imscrúduithe arna stiúradh ag an gCoiste.
Féadfaidh an Coiste Imscrúdúcháin an gearán a tharchur chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin. Má tharlaíonn sé sin, is é is aidhm dúinn tús a chur leis an bhfiosrúchán laistigh de dhá mhí dhéag.
D’fhéadfadh cúiseanna eile a bheith ann as a dtagann moill ar ghearáin a imscrúdú. Mar shampla, d’fhéadfadh gearán a bheith ina ábhar imscrúdaithe ag an nGarda Síochána nó Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Más amhlaidh atá, féadfaidh an Coiste Imscrúdúcháin a chinneadh a imscrúdú a chur ar sos fad is a tharlaíonn sé sin.D’fhéadfadh sé go dtógfadh imscrúdú an Gharda Síochána nó imscrúdú Tusla am agus go mbeadh moill ann chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche.
Chomh maith leis sin, féadfaidh sé am a ghlacadh chun an fhaisnéis ar fad a bhailiú. Féadfaidh sé sin a bheith lasmuigh de smacht na Comhairle Múinteoireachta. Coinneoimid tú ar an eolas agus an gearán á mheas
Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil maidir le próiseas gearáin na Comhairle Múinteoireachta?
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir lenár bpróiseas gearán agus fiosrúchán, téigh chuig an gcuid faoi Chaighdeáin Ghairmiúla ar ár suíomh gréasáin. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin trí ríomhphost a chur chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie nó trí ghlaoch a chur ar Íosghlao (01) 651 7900.
Gluais
B’fhéidir nach bhfuil tú ar an eolas faoi na téarmaí sa leabhrán seo agus dá bhrí sin tá míniú tugtha againn dóibh thíos.
Achasán a thabhairt (mar smachtbhanna tar éis fiosrúcháin): iomardú láidir a thabhairt do mhúinteoir.
An Coiste Araíonachta: an Coiste ar an gComhairle Mhúinteoireachta óna mbunaítear an Painéal a dhéanfaidh an fiosrúchán.
An Coiste Imscrúdúcháin: an Coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta a bhreathnaíonn ar ghearán agus a chinneann ar cheart é a tharchur chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin.
An Fostóir: Bord Bainistíochta na scoile nó Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird Oideachais agus Oiliúna ábhartha atá ag fostú an mhúinteora atá i gceist.
An Gearánach: an duine a dhéanann gearán faoi mhúinteoir cláraithe. Féadfaidh baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile a bheith san áireamh anseo. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.
An Stiúrthóir: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Múinteoireachta. Cáineadh (amhail smachtbhanna tar éis fiosrúcháin): dímheas ar iompar múinteora a chur in iúl.
Cáineadh (amhail smachtbhanna tar éis fiosrúcháin): dímheas ar iompar múinteora a chur in iúl.
Cód Iompraíochta: tá Cód Iompair Ghairmiúil na Comhairle Múinteoireachta do Mhúinteoirí (an 2ú heagrán nuashonraithe, 2016) ar fáil sa Rannán um Fheidhmiúlacht chun Múineadh ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. Tá treoir ann do mhúinteoirí. Ar dháta fhoilsiú an leabhráin seo, is é an leagan is déanaí den Chód Iompair an leagan a foilsíodh i mí an Mheithimh 2012 agus a tugadh cothrom le dáta ar thosach feidhme Chuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, arna leasú.
Comhairle a thabhairt (mar smachtbhanna tar éis fiosrúcháin): comhairle a chur ar an múinteoir maidir lena n-iompraíocht amach anseo.
Cráiteach: gearán a rinne duine éigin nach bhféadfadh a bheith ag gníomhú de mheon macánta, gan cúis leordhóthanach, agus a rinneadh chun cur isteach ar an múinteoir a ndearnadh an gearán ina leith.
Drochfheidhmíocht ghairmiúil: teip ar na caighdeáin inniúlachta a chomhlíonadh (bíodh sé sin san eolas, sa scil, nó i bhfeidhmiú eolais agus scile nó sa dá rud) ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta i dtaca le múinteoirí.
Duine leochaileach: duine seachas leanbh:
- a bhfuil neamhord intinne air nó uirthi, cibé acu mar thoradh ar
mheabhairghalar nó néaltrú; nó - a bhfuil míchumas intleachtúil air nó uirthi; nó
- a bhfuil lagú fisiciúil air nó uirthi cibé acu mar thoradh ar ghortú, breoiteacht nó aois; nó
- a bhfuil míchumas fisiciúil air nó uirthi atá de chineál nó de dhéine den
sórt a leanas:
– a chuireann srian le cumas an duine chun é féin nó í féin a chosaint ar
dhíobháil ag duine eile, nó
– a mbíonn cúnamh ag teastáil ón duine dá dheasca, chun gníomhaíochtaí
gnáthmhaireachtála laethúla a dhéanamh lena n-áirítear maidir le gléasadh, ithe, siúl, níochán agus folcadh. - a bhfuil míchumas fisiciúil air nó uirthi atá de chineál nó de dhéine den sórt a leanas:
– a chuireann srian le cumas an duine chun é féin nó í féin a chosaint ar dhíobháil ag duine eile, nó
– a mbíonn cúnamh ag teastáil ón duine dá dheasca, chun gníomhaíochtaí gnáthmhaireachtála laethúla a dhéanamh lena n-áirítear maidir le gléasadh, ithe, siúl, níochán agus folcadh.
Fianaise: an méid a deir finné ag éisteacht fiosrúcháin agus doiciméid nó taifid eile a scrúdaítear le linn na héisteachta.
Fiosrúchán: éisteacht cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse nó scrúdú ar dhoiciméid ábhartha agus aighneachtaí i scríbhinn.
Luathscríbhneoir: an duine a thaifeadann an fhianaise a tugadh ag an bhfiosrúchán.
Measúnóir Dlí: abhcóide a chuireann comhairle ar an bPainéal faoi shaincheisteanna dlí nó nós imeachta.
Mí-iompar gairmiúil: iompar náireach nó mímhacánta i gcúrsa ghairm an mhúinteora, nó ar shlí seachas i gcúrsa ghairm an mhúinteora, más iompar de chineál chomh tromchúiseach é an t-iompar a thabharfadh míchlú ar ghairm na múinteoireachta.
Painéal: an grúpa de idir triúr agus cúigear a bheidh i mbun an fhiosrúcháin agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil an cás cruthaithe nó nach bhfuil.
Smachtbhanna: an cineál pionóis is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta a chur ar mhúinteoir.
Suaibhreosach: ar bheagán tábhachta nó fánach.