Bronnadh €5,000 ar Choláiste Bhaile Átha Cliath, An Charraig Dhubh, chun comhoibriú le ceithre choláiste breisoideachais*, chun clár foghlama gairmiúla a dhearadh agus a phíolótú maidir le húsáid éifeachtach agus eiticiúil na hIntleachta Saorga Giniúnacha (GenAI) sa teagasc agus san fhoghlaim.
Ghlac múinteoirí páirt i bpróiseas struchtúrtha FGL ina raibh anailís riachtanas, cúrsa ríomhfhoghlama Articulate Rise saincheaptha, agus Pobal Cleachtais ar líne arna óstáil ar Moodle. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal cumas digiteach agus muinín mhúinteoirí a thógáil, agus acmhainní FGL in-athúsáidte a chruthú atá ailínithe leis an Straitéis Dhigiteach.
*Liosta na gcoláistí breisoideachais a chomhoibrigh ar an tionscadal:
- Coláiste Bhaile Átha Cliath, Dún Droma
- Coláiste Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire
- Coláiste Bhaile Átha Cliath, An Naigín
- Coláiste Bhaile Átha Cliath, Stigh Lorgan
Machnamh na scoile
Ba thaithí chlaochlaitheach í ceannaireacht an tionscadail ‘Múinteoirí Breisoideachais a Chumasú trí Intleacht Shaorga Ghiniúnach’ ó thaobh na foghlama gairmiúla comhoibríche de. Tríd an tionscnamh seo, forbraíodh comhpháirtíocht ríthábhachtach idir cúig choláiste chun freagairt do theacht chun cinn tapa na hintleachta saorga giniúnaí.
Bhunaigh an tionscadal a chur chuige ar anailís chainníochtúil ar riachtanais, anailís a tharraing aird ar bhearna shuntasach: cé go raibh eolas ag 75% den fhoireann ar an Intleacht Shaorga Ghiniúnach, ní raibh ach 10% díobh an-mhuiníneach maidir lena húsáid. Tharraing an taithí seo aird ar an ngá a bhí le samhail struchtúrtha chumaiscthe d’Fhoghlaim Ghairmiúil Leanúnach, lena n-áirítear cúrsa Moodle ar líne, Mol Intleachta Saorga Giniúnaí ar SharePoint agus ceardlann duine le duine, chun bogadh ó fheasacht go húsáid phraiticiúil.
Ba é an tionchar a bhí aige ar mhúinteoirí ná gur forbraíodh bonn comhroinnte tuisceana eatarthu, agus chothaigh sé seo éifeachtúlacht agus cruthaitheacht sa teagasc agus chuaigh sé i ngleic go díreach le hábhair imní shuntasacha a bhain leis an ionracas acadúil. Chuir na gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla seo ar chumas múinteoirí treoir níos soiléire a chur ar fáil maidir le húsáid fhreagrach na hintleachta saorga, lena n-áirítear í a úsáid chun dréachtaí a ullmhú agus smaointe a fhorbairt. Trí inniúlacht dhigiteach múinteoirí a fheabhsú, cinntíonn an tionscadal go mbaineann mic léinn leas as níos mó rannpháirtíochta, agus ag an am céanna go gcosnaítear iad ón spleáchas. Ar deireadh, leagtar bonn inbhuanaithe inscálaithe faoin earnáil Bhreisoideachais amach anseo.