Aistrigh:
Gaeilge
English

Bronnadh €5,000 ar Choláiste Cois Life, Leamhcán, chun comhoibriú le sé scoil* chun oideachas fealsúnach a chur chun cinn trí oideolaíocht Philosophy4Children (P4C) i gcomhthéacs bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Trí dhá cheardlann a éascú, inar ghlac múinteoirí páirt ghníomhach i modheolaíochtaí P4C, bhí sé mar aidhm aige líonra d’oideachasóirí a chur le chéile, atá oilte i P4C trí Ghaeilge, agus leanúint de luach na fealsúnachta a chur chun cinn don oideachas trí mheán na Gaeilge.

*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:

  • Gaelscoil Naomh Phádraig
  • Coláiste Chilliain
  • Gaelscoil Chluain Dolcáin
  • Gaelscoil Eiscir Riada
  • Gaelscoil na Camóige
  • Gaelscoil Inse Chór

Machnamh na scoile

Ba dheis thar a bheith luachmhar í seo chun P4C a chur chun cinn mar chuid d’oideachas múinteoirí, réimse nach bhfuil an t-aitheantas cuí á thabhairt dó go fóill, i gcomhthéacs nach raibh an deis ann páirt a ghlacadh sa réimse seo riamh cheana mar gheall ar easpa acmhainní agus faisnéise. Bhain mé cúrsa SAPERE P4C Leibhéal 1 amach i mí Dheireadh Fómhair 2025, agus ba mhór an tionchar a bhí aige ar mo chur chuige i leith theagasc na fealsúnachta. Ba rud thar a bheith speisialta agus suntasach é an deis a fháil dá bharr sin an cúrsa seo a roinnt le comhghleacaithe sa ghaeloideachas. Chruthaigh an cúrsa roinnt comhpháirtíochtaí tábhachtacha oideachais – idir Choláiste Cois Life, an scoil óstach, agus Gaelscoileanna eile sa cheantar; idir Choláiste Cois Life agus COBÁC; agus idir Choláiste Cois Life agus SAPERE.

Chuir an maoiniú ar ár gcumas an cúrsa a chur ar fáil agus, ina theannta sin, pacáistí acmhainní a fhorbairt a dearadh go sonrach do mhúinteoirí P4C sa chomhthéacs lán-Ghaeilge. Ní minic a bhíonn cúrsaí FGL curtha in oiriúint chomh sonrach sin do riachtanais na rannpháirtithe, agus tá a fhios agam go raibh gach múinteoir thar a bheith sásta leis, chomh maith leis na smaointe luachmhara a bhain siad amach as freastal ar an gcúrsa. Ar leibhéal pearsanta, feicim forbairt na smaointeoireachta fealsúnaí i measc daltaí mar shaothar mo shaoil agus ábhar a bhfuil an-dúil agam ann.