Aistrigh:
Gaeilge
English

Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta Speisialta Theach Naomh Mícheál chun comhoibriú le Scoil Speisialta Kolbe agus Scoil Speisialta Little Angels chun cleachtais éifeachtacha chumarsáide a shainaithint agus a chomhtháthú, cleachtais a thacaíonn leis an gcaoi a ndéanann daoine fásta agus leanaí i scoileanna speisialta cumarsáid agus idirghníomhú lena chéile.

Bhí mionscagadh ar chleachtas agus gníomhaíochtaí nithiúla i gceist leis seo a éascaíonn agus a chumhachtaíonn guthanna na ndaltaí. Bhí triail acmhainní agus gníomhaíochtaí i gceist chomh maith chun iad a bheachtú agus a roinnt le scoileanna speisialta eile i bPoblacht na hÉireann. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí guth níos mó ag daltaí agus ag daoine fásta i scoileanna speisialta chomh maith.

Machnamh na scoile

Ba thaithí thar a bheith sásúil dom an tionscadal seo. Measaim go raibh an fhoghlaim ghairmiúil a rinne na múinteoirí ar ardchaighdeán ar fad. Le linn na gceardlann éagsúla, roinn gach scoil acmhainn a bhí in úsáid aici chun tacú le cumarsáid na ndaltaí, mar aon leis an tionchar dearfach a bhí ag an acmhainn sin ina scoil. Pléadh cur chuige éagsúla i leith an chur i bhfeidhm, chomh maith leis na dúshláin a bhí roimh na scoileanna. I measc na gcur chuige a pléadh bhí:

  • Bogearraí Cumarsáide Breisithe agus Malartaithe (AAC), e.g. TD Snap Core, Proloquo2Go,
  • LAMP Words for Life – cur chuige maidir le Sealbhú Teanga trí Phleanáil Mhótair,
  • Boird Core,
  • Lámh,
  • Ábhair Tagartha.

Ceann de na príomhphointí ar díríodh orthu le linn laethanta na gceardlann ba ea an tábhacht a bhaineann le comhsheasmhacht ar fud na scoile agus cur chuige nua á chur i bhfeidhm. Trí phóstaeir, siombailí agus ábhair a chaighdeánú ar fud na suíomhanna ar fad, éiríonn daltaí níos eolaí ar an gcur chuige agus baineann siad leas as an gcomhsheasmhacht agus an intuarthacht a ghabhann leis.

Thug an comhoibriú agus an scrúdú criticiúil ar éifeachtacht agus ar phraiticiúlacht na n-acmhainní deis do na rannpháirtithe, mar chuid den fhoghlaim ghairmiúil, acmhainní nithiúla agus inrochtana a fhorbairt a d’fhéadfaí a roinnt le comhghleacaithe ar fud a scoileanna. Tugadh faoi deara le linn na gceardlanna chomh maith gur féidir ualach oibre na foirne a laghdú trí acmhainní a chomhroinnt idir scoileanna, agus ag an am céanna a chinntiú go mbíonn rochtain ag gach seomra ranga ar uirlisí agus ar acmhainní ardchaighdeáin.

Acmhainn