Bronnadh €5,000 ar Choláiste Iósaef, Cill Mocheallóg, chun comhoibriú le Scoil Mocheallóg agus Coláiste Íde agus Iósaef chun díriú ar chur i bhfeidhm an Dearaidh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) laistigh dá scoileanna. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal seo tuiscint agus eolas múinteoirí ar DUF a fhorbairt, chomh maith leis an muinín riachtanach a thabhairt do chomhghleacaithe teagaisc chun réimse cleachtas cuimsitheach a chur i bhfeidhm a dtacaíonn creat DUF leo i seomraí ranga éagsúla.
Machnamh na scoile
D’éirigh leis an tionscadal seo ar go leor bealaí, ach thar aon ní eile chuidigh sé le caidrimh ghairmiúla a fhorbairt idir trí scoil éagsúla. Thugamar faoin tionscadal seo mar ghrúpa éagsúil, agus buanna agus cúlraí ar leith ag gach ball den ghrúpa. Chuir Scéim Sparánachta Féilte fócas tionscadail ar fáil dúinn a thug deis dúinn ár láidreachtaí aonair a léiriú agus talamh coiteann a aimsiú in ainneoin na gcomhthéacsanna teagaisc éagsúla ina mbímid ag obair. Tá ceannaireacht dáilte ina croíphrionsabal den tionscadal seo, agus is réimse é sin ar mhaith linn a fhorbairt tuilleadh.