Aistrigh:
Gaeilge
English

Bronnadh €5,000 ar Ghaelcholáiste an Chláir, Inis, chun comhoibriú le ceithre scoil* le haghaidh Pobal Cleachtais gairmiúil comhoibríoch don ghaeloideachas a fhorbairt. Eagraíodh réimse gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla ar théama an tumoideachais.

Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal tacú le foghlaim ghairmiúil fhoireann na scoile a bhí páirteach i gcur i bhfeidhm oideachais lán-Ghaeilge atá cuimsitheach, nuálach agus ardchaighdeáin. Forbraíodh naisc thraschuraclaim idir Coláiste Mhuire Gan Smál, Oifigeach Pleanála Teanga Líonra na hlnse, agus Ionad Oideachais agus Tacaíochta an Chláir.

*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:

  • Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg
  • Gaelscoil Donncha Rua Sionna
  • Gaelscoil Uí Choimin Cill Rois
  • SN Iosef Naofa Maigh

Machnamh na scoile

Léirigh an tionscadal seo ceannródaíocht straitéiseach trí phobal gairmiúil leathan a chruthú idir na naíonraí, na bunscoileanna, an Gaelcholáiste, agus eagraíochtaí ar fud an Chláir. Mar bhonn faoin tionscnamh, d’eagraíomar fóram comhairliúcháin le saineolaí acadúil chun conair inbhuanaithe a chomhdhearadh don Ghaeilge. Ba léir go raibh tairbhe do chách i gceist; d’fhorbair na hoidí a gcuid cleachtais trí phleanáil chomhoibríoch, agus d’fhás muinín na ndaltaí trí róil cheannaireachta.

Bhí an ionchuimsitheacht lárnach sa bhfoghlaim, rud a léiríodh go soiléir trí shamplaí d’imeachtaí rathúla amhail an Blitz Spóirt, maidin chaife phobail, agus an lá gníomhaíochta. Chinntigh na himeachtaí seo go raibh spás ag gach aon fhoghlaimeoir ar thuras an Ghaeloideachais. Buaicphointe mothúchánach ab ea bronnadh ‘Chorn an Blitz’ — mar chuimhne ar ár gcéad Múinteoir i bhFeighil — i láthair a muintire, agus d’fhág sé seo lorg stairiúil ar an tionscadal.

Ina theannta sin, tá nasc nuálach neartaithe anois againn le heagrais phobail, amhail Clár as Gaeilge, agus leis an Oifigeach Pleanála Teanga. Trí thuismitheoirí agus an chléir a chur san áireamh, chothaíomar meas ar an teanga “ón gcliabhán go dtí an uaigh.” Chinntigh an comhoibriú seo go bhfuil struchtúr gairmiúil buan agus gréasán fuinniúil cruthaithe againn don Ghaeloideachas sa todhchaí.

Acmhainn