Aistrigh:
Gaeilge
English

Bronnadh €2,000 ar Phobalscoil Speisialta Oirthear Chorcaí, Carraig Thuathail i gCorcaigh mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Pobalscoil Speisialta Bhaile an Róistigh, Corcaigh, chun pobal foghlama gairmiúil a bhunú. Is aidhm leis an tionscadal seo cultúr a mbeadh comhráite agus comhoibriú a bhunú idir na scoileanna, foghlaim ghairmiúil agus piarthacaíocht á gcothú i measc mhúinteoirí agus comhchleachtas idir lámha acu, cuir chuige a mbaineann dea-chleachtais leo á sainaithint sa réimse oideachas speisialta. 

Machnamh na scoile

Ba eispéireas foghlama gairmiúil dearfach agus fuinniúil é páirt a ghlacadh i Comhrá agus Caife. Tacaíodh leis an bPobal Cleachtais seo le cur chuige solúbtha, cóitseála grúpa. Chuir sé ochtar múinteoirí ó dhá scoil speisialta atá i mbéal forbartha, Scoil Speisialta Pobail Oirthear Chorcaí agus Pobalscoil Bhaile an Róistigh, i dteagmháil le chéile chun fadhbanna a réiteach le chéile, smaointe praiticiúla a roinnt, agus machnamh a dhéanamh ar chleachtas seomra ranga. Chabhraigh an t-atmaisféar neamhfhoirmiúil, in éineacht le caife agus bia, le spás fáilteach agus muiníneach a chruthú thar thrí sheisiún ar líne agus cruinniú amháin duine le duine. 

Tá go leor scríofa faoin gcaoi ar féidir leis an teagasc a bheith aonraithe uaireanta. Thairg an tionscnamh nasc, athdhearbhú agus braistint pobail (Moynihan agus O’ Donovan, 2022). Tháinig braistint láidir taithí chomhroinnte agus ailíniú gairmiúil chun cinn. Mar a dúirt rannpháirtí amháin, “Chuir sé iontas orm cé chomh cosúil agus a bhí ár ranganna ó thaobh struchtúir agus cur chuige de”. Chruthaigh na seisiúin spás le haghaidh plé macánta, tacúil, agus rinne múinteoirí machnamh ar a gcleachtas féin agus fuair siad inspioráid óna chéile. Leag múinteoir amháin béim ar luach “athruithe beaga, machnamhacha … a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar fhás gairmiúil agus ar chleachtas ranga”. 

Shín tionchar na meantóireachta níos faide ná na seisiúin féin. Dúirt múinteoir amháin gur thosaigh siad ag “cur ceisteanna níos dírí agus níos machnamhaí” agus iad ag treorú cúntóirí riachtanais speisialta, lena spreagtar neamhspleáchas agus smaointeoireacht dírithe ar réitigh. Tríd is tríd, neartaigh an taithí cumhacht na comhoibrithe agus na cóitseála chun tacú le fás i gcomhthéacs an oideachais speisialta. 

Acmhainn

Coran: Chuireamar iarratas isteach ar Sparánacht na Comhairle Múinteoireachta nuair a chonaic mé fógra fúithi toisc gur cheap mé gur deis an-mhaith a bheadh inti chun rud éigin difriúil a chruthú sa scoil. Mholfainn go mór do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile iarratas a dhéanamh ar sparánacht Féilte an bhliain seo chugainn. Tá an tionscnamh a chruthaíomar, agus an cistiú faighte againn ón gComhairle Mhúinteoireachta, díreach mar an gcéanna leis an tionscnamh a shamhlaíomar an chéad lá riamh. Bhí an tionscnamh bunaithe ar mo shuim phearsanta féin sa chóitseáil. Tagann an focal ‘comhrá’ ón nGaeilge ar ndóigh, a chiallaíonn a bheith ag labhairt le chéile, agus tá sé seo uile bunaithe ar chomhráite.   

Joseph: Múinteoirí á gcur ag obair le chéile is ea bun agus barr an scéil, is é sin, coincheap an chomhair a chur chun cinn. Féadfaidh an mhúinteoireacht a bheith an-uaigneach mar ghairm, agus tá mé féin agus Coran chun é sin a athrú. Céim bheag sa treo sin is ea é seo, agus cheana féin táimid ag fáil mothú iontach ó mhúinteoirí maidir leis an tsuim atá acu leanúint den chineál cleachtais chomhoibríoch seo.  

Coran: Ba é mo chreideamh ag tús an mhéid seo go raibh comhráite ag múinteoirí i gcónaí, agus ba é a bhí i gceist leis seo na comhráite sin a dhéanamh éifeachtúil agus fiúntach. Le Comhrá agus Caife, cuireadh cumas an ghrúpa chun tairbhe agus, dá bhrí sin, fuaireamar réiteach ar na dúshláin a bhíonn againn laistigh den ghrúpa i gcónaí. Le linn gach seisiúin, déantar é a dheighilt ina réamhrá fáilteach, comhrá dírithe, comhrá saor, agus ansin cuid chonclúideach. Leis an gcistiú, cuireadh ar ár gcumas dúinn spásanna a chruthú dár múinteoirí chun oibriú ar bhealach níos fearr. Lig sé dúinn cóitseálaí gairmiúil a fhostú chun oibriú leis an ngrúpa chun na comhráite comhoibríocha sin a éascú.   

Yvonne: Ba dheis é Comhrá agus Caife do scoileanna nua-fhorbartha áirithe i gCorcaigh teacht le chéile chun cóitseáil agus meantóireacht a fháil.  

Tina: Chruthaigh sé an spás sábháilte sin. D’fhoghlaimíomar uile óna chéile. D’fhoghlaimíomar a raibh ag obair i seomraí ranga eile ina raibh leanaí a bhí an-chosúil lenár leanaí féin, agus chuireamar an-aithne ar a chéile agus thógamar comhthuiscint ar a chéile. Lean an comhrá ar aghaidh go nádúrtha an t-am ar fad.   

Aoife: Bhí an t-ádh dearg linn a bheith páirteach ann. Is dearbhú deas é scaití “mar a tharlaíonn, tá jab maith á dhéanamh agat” a chloisteáil. Smaointe úra. Tá sé deas an dearcadh sin a fháil ó dhuine éigin atá sa chás ceannann céanna leatsa.    

Yvonne: Sa ról ina bhfuilimid, nach bhfuil mar an gcéanna le scoileanna príomhshrutha eile b’fhéidir, trí aithne a chur ar mhúinteoirí agus ar bhaill foirne eile a bhíonn thuas seal agus thíos seal cosúil linn féin gach lá, ní bhraitheann daoine chomh scoite céanna. 

Amy: Is deas an rud é go bhfuil daoine ann a bhfuilimid in ann labhairt leo atá sa chás céanna linne agus nach bhfuil eadrainn ach ríomhphost nó téacs. Bhí sé thar a bheith luachmhar dúinn gur tháinig duine isteach chun muid a chóitseáil agus chun cabhrú linn oibriú ar na chásanna éagsúla agus muid a threorú ar an mbealach ceart.   

 Coran: Le Comhrá agus Caife, tacaítear leis an nós go bhfuil na freagraí againn mar mhúinteoirí. 

Joseph: Aimsíonn tú na freagraí tú féin i ndáiríre trí labhairt le duine éigin eile, an bhfuil a fhios agat, agus trí dhuine éigin eile a bheith ag éisteacht go cúramach leis an méid atá á rá agat. 

Coran: Is éard a chonaic mé sa seomra inniu ná múinteoirí ag comhroinnt smaointe. Chonaic mé múinteoirí ag tacú lena chéile. Chonaic mé caidrimh ag forbairt agus chonaic mé an-mhuintearas idir an dá scoil.  

Amy: Treoraíonn an cóitseálaí na seisiúin Zoom go han-mhaith, agus ansin bhí seomraí ar leithligh againn agus bhíomar in ann labhairt faoi na saincheisteanna a bhaineann go sonrach leis an taobh sóisearach nó leis an tsraith shóisearach. Tá sé thar a bheith luachmhar  

Joseph: Toisc nach bhféadfaí a dhéanamh ach foghlaim. Sin é an toradh is measa go bhfoghlaimeoidh tú rud éigin. Mholfainn go mór do dhaoine é sin a dhéanamh, mar sin. Ar deireadh, cabhróidh gach rud i dtreo múinteoirí a dhéanamh níos fearr, agus más féidir linn múinteoirí a thiontú ina múinteoirí níos fearr, beidh torthaí foghlama níos fearr againn do na daltaí.    

 Coran: Tá aistriú soiléir ó na seisiúin sin chuig cleachtas sna seomraí ranga i scoileanna 

Tina: Scaoil faoi toisc nach mbeadh a fhios agat riamh cad a thiocfaidh as agus is maith an rud é i gcónaí aithne a chur ar dhaoine, na caidrimh sin a chothú, go háirithe má oibríonn tú i scoil speisialta. 

Coran: Seasann an Chomhairle Mhúinteoireachta le foghlaim ghairmiúil chomhoibríoch nó aonair, agus seasann sí le foghlaim ghairmiúil neamhfhoirmiúil nó foirmiúil. Tríd an sparánacht a fháil, dearbhaíodh é seo mar dhea-smaoineamh. Bhí an Chomhairle Mhúinteoireachta thar cionn le hoibriú leo ó fuaireamar an sparánacht. An-tacúil. Is cinnte nach raibh an próiseas iarratais forordaitheach in aon chor. Cheap mé go raibh sé an-oscailte do smaointe nua difriúla. Mar sin, ba thionscnamh féinchruthaithe é seo agus bhí sé bunaithe ar chóitseáil agus ar phobail chleachtais. Mholfainn go mór d’aon duine iarratas a dhéanamh ar an sparánacht an bhliain seo chugainn. Is próiseas thar a bheith éasca é agus má tá smaoineamh maith agat, beidh tú in ann é a fhorbairt ar aon bhealach is mian leat.