Aistrigh:
Gaeilge
English

Bronnadh €5,000 ar Scoil Ospidéil Solas, Cromghlinn CHI, mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le seacht scoil* chun tacú le Comhdháil HOPE 2025, comhdháil idirnáisiúnta de mhúinteoirí atá ag feidhmiú i scoileanna ospidéil. Is aidhm leis an tionscadal seo oideoirí ospidéil ó Éirinn agus ar fud an domhain a aontú chun eolas, cleachtais agus léargais a roinnt atá curtha in oiriúint do na dúshláin uathúla a bhaineann le leanaí a bhfuil riachtanais leighis agus mheabhairshláinte acu a theagasc.

*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:

  • Scoil Ospidéil Shráid an Teampaill
  • Scoileanna Linn Dara
  • Scoil Áirce na bPáistí
  • Scoil Ospidéil Beaumont
  • Pobalscoil Ospidéil Náisiúnta Athshlánúcháin
  • Scoil Ospidéil Ollscoil Chorcaí
  • Scoil Speisialta Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, Tamhlacht

Machnamh na scoile

Táimid thar a bheith buíoch don Chomhairle Mhúinteoireachta as sparánacht Féilte €5,000 a bhronnadh ar Chomhdháil HOPE 2025, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine 2025. Tugadh 294 múinteoir agus gairmí oideachais ospidéil le chéile mar chuid den chomhdháil ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin, aontaithe faoin téama Le Chéile: Comhroinnt Faisnéise, Comhroinnt Eolais, Comhroinnt Cleachtais. 

Ba rannchuidiú tábhachtach í an sparánacht a chuidigh linn clár saibhir a sholáthar lenar aimsíodh cothromaíocht idir taighde, beartas, agus straitéisí praiticiúla trí eochairléachtaí, cuir i láthair ó bhéal, agus ceardlanna praiticiúla. Bhí tionchar ar leith ag na seisiúin lenar soiléiríodh guthanna daltaí a bhfuil riachtanais leighis nó meabhairshláinte acu, rud a chuir i gcuimhne go láidir do na rannpháirtithe tábhacht na gcleachtas ionchuimsitheach freagrúil oideachais. 

Éascaíodh foghlaim ghairmiúil fhónta a bhuí don chomhdháil trí spásanna a chruthú do mhúinteoirí ospidéil chun smaointe a mhalartú, machnamh a dhéanamh ar dhúshláin chomhroinnte, agus oibriú i gcomhar maidir le réitigh a rachaidh chun tairbhe daltaí sa bhaile agus thar lear. Cuireadh i dtábhacht leis an aiseolas dearfach ón lucht freastail luach an imeachta maidir le cuir chuige nua a spreagadh, líonraí a neartú, agus tacú le forbairt ghairmiúil leanúnach na ndaoine sin a oibríonn sa réimse fíorspeisialaithe seo. 

Táimid an-bhuíoch don Chomhairle Mhúinteoireachta as a tacaíocht fhlaithiúil chun an t-eispéireas tábhachtach foghlama seo a chur i gcrích. 

Acmhainn

Deirdre: Mholfainn cinnte do scoileanna agus d’oideoirí an sparánacht seo ón gComhairle Mhúinteoireachta a fhiosrú ós rud é gur chabhraigh sí lenár gcomhdháil.  

Ciara: Seasann HOPE do Hospital Organisation of Pedagogues in Europe (Eagraíocht Ospidéil d’Oideolaithe san Eoraip), agus is eagraíocht í ina bhfuil comhaltaí ó gach cearn den domhan. Is deis dúinn é mar mhúinteoirí ospidéil teacht le chéile, faisnéis a chomhroinnt, eolas agus dea-chleachtas a chomhroinnt, agus aithne a chur agus casadh ar ár gcomhghleacaithe a oibríonn i dtíortha eile. Mar sin, casann tú ar do chomhghleacaithe aghaidh ar aghaidh, agus is álainn an rud é sin. 

Stephen: Leis an méid a bhí siad as láthair óna scoil phríomhshrutha, thit siad chun deiridh, fiú go sóisialta. Trína dhíriú ar an gcineál seo oibre, léirítear an luach a bhaineann leis do dhaltaí a bhfuil tinneas ainsealach orthu, is é sin, nach ndéantar dearmad orthu, go dtugtar aire dóibh, go tacaítear leo agus go dtugtar oideachas dóibh. 

Annette: Ceapaim go bhfuil suíomh an-speisialta againn mar mhúinteoirí ospidéil agus go bhfuil sé de phribhléid againn an spás sin a chomhroinnt leis na leanaí sin ag an am fíordheacair sin.  

Stephen: Chuir sé borradh nua faoi mo dhearcadh i leith na múinteoireachta scoile ospidéil. Féadfaimid athrú a dhéanamh. Féadfaimid rudaí nua a d’fhoghlaimíomar ón gcomhdháil seo a thabhairt isteach 

Deirdre: Leis an bhforbairt ghairmiúil leanúnach sin, spreagtar as an nua thú agus tugtar an fuinneamh sin duit, go háirithe le haghaidh deireadh na bliana. Spreagann sé thú chun a dhéanamh níos fearr agus leanúint de bheith ag déanamh níos fearr.  

Ciara: Bhí HOPE thar a bheith luachmhar dom mar chleachtóir sa réimse áirithe sin.  

Avril: Ós rud é go n-oibrímid sa néaramháinliacht, ní thagann na deiseanna aníos in Éirinn le nascadh le múinteoirí eile a oibríonn sa réimse nideoige sin. Is í comhdháil HOPE an t-aon uair a bhíonn deis againn labhairt le hoideoirí eile, mar sin. Is féidir linn an taighde a thagann chun solais ag comhdháil dá leithéid a chur i gcleachtas.  

Stephen: Is é seo mo chéad chomhdháil do mhúinteoirí ospidéil ach freastalóidh mé ar an gcéad cheann eile go cinnte. Mholfainn é d’aon duine is múinteoir ospidéil iad toisc go bhfuil sé luachmhar agus fíorthábhachtach.  

Ciara: Tá sé go hálainn freisin a chloisteáil go bhfuil múinteoirí eile ann a dhéanann an obair chéanna is a dhéanaimid féin. Is deis é freisin chun an obair a dhéanaimid a cheiliúradh iarbhír. Ceapaim go bhfuil an sparánacht an-chabhrach. Ceapaim go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfuil sparánachtaí mar seo ar fáil. Mholfainn go mór d’aon mhúinteoir atá ag smaoineamh ar thaighde a dhéanamh, iarratas a chur isteach ar an sparánacht. Bhaineamar an-tairbhe as agus tá sé thar a bheith fiúntach