Aistrigh:
Gaeilge
English

Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Naomh Finan, Fionnghlas, mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Shóisearach Naomh Oilibhéar Pluincéid, Fionnghlas, chun cur ar chumas na foirne tuiscint a fháil ar thráma agus tabhairt faoi fhoghlaim ghairmiúil i dteannta Nurture International. Is aidhm leis an tionscadal seo an Portráid Forbartha Digití a úsáid chun measúnú a dhéanamh agus spriocanna folláine seachtainiúla a chruthú trí úsáid a bhaint as na sonraí seo.

Machnamh na scoile

Bhí tionchar thar a bheith dearfach ar an bpobal scoile iomlán ag a bheith in ann DDP a cheannach agus an t-ardán sin a úsáid inár scoil. Ní hamháin go rabhamar in ann teacht le chéile tríd an eispéireas foghlama gairmiúil seo, ach bhíomar in ann chomh maith, na leanaí inár scoil is mó atá i mbaol, a shainaithint . 

I Scoil Náisiúnta Naomh Finnin, is príomhthosaíocht dúinn é oibriú le chéile mar chuid d’fhoireann ghairmiúil, agus is ceann de phríomhghnéithe Scéime Sparánachta Féilte é sin freisin. Leis an scéim sparánachta seo, bhíomar in ann ardán a cheannach lena n-aontaítear muid uile mar cheannairí agus mar phríomhchúramóirí ar son chúram gach linbh. Thángamar le chéile, rinneamar measúnú ar gach dalta sa scoil, agus mhúineamar a chéile conas leanúint leis sin ansin inár seomraí ranga féin. A bhuíochas de sin, bhí múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta agus múinteoirí tacaíochta in ann nascadh, foghlaim, agus eispéiris a chomhroinnt. Cuireadh ar ár gcumas, dá bharr chomh maith, an gá atá i ngach seomra ranga a léiriú go cruinn agus i gceart, agus na bearta is gá chun tacú leo a chur i bhfeidhm dá réir sin. 

Rinneadh measúnú ar gach dalta i dtrí phríomhréimse: Aird agus Díriú, Athléimneacht Mhothúchánach agus Scileanna Sóisialta. Is iad sin na príomhbhacainní don fhoghlaim agus is é ár ról mar oideoirí ná oibriú le chéile trínár n-eispéireas foghlama gairmiúla chun dul i ngleic ar an mbealach is fearr leis na réimsí riachtanais sin. 

Is féidir le múinteoirí ranga a ranganna a mheasúnú ar bhonn níos doimhne trí Chuntas Ranga a chruthú, lena léirítear bealaí uathúla saincheaptha chun tacú lena rang li gcomhar ar an mbealach is fearr, trí straitéisí céadfacha agus cluichí idirghníomhacha. 

Chuir an sparánacht ar ár gcumas, ionchuimsiú inár scoil a fheabhsú. Tríd an uirlis mheasúnaithe sin, scagtar gach uile leanbh go mion trí chomhar gach páirtí leasmhaire atá páirteach ina oideachas. 

Acmhainn

Maria: Bhí clár uainn chun dul i ngleic leis na hiompraíochtaí a bhí á bhfeiceáil againn ar scoil agus leis an leibhéal mírialaithe.  

Sorcha: Fuaireamar nach raibh leanaí ag rochtain na foghlama. Bhí deacrachtaí acu maidir le caidrimh a choinneáil ar bun. Bhí siad ag teacht ar scoil go han-mhírialaithe, agus bhí orainn rud éigin a aimsiú lena rachfaí i ngleic leis an ngá sin ar dtús.  

Maria: As sin, thángamar ar Nurture International, agus chuir mé iarratas isteach ar chistiú ansin ón scéim sparánachta. Rinne mé an t-iarratas agus chuir mé isteach é agus bhí lúcháir orainn nuair a fuaireamar an litir le rá gur dámhadh an cistiú orainn dár gcuid oibre cothaithe anseo i Scoil Náisiúnta Naomh Finnin.  

Sorcha: Le Scéim Sparánachta Féilte, cuireadh ar ár gcumas dúinn leanúint dár gcuid oibre le Nurture International. Cuireadh ar ár gcumas dúinn leanúint dár n-infheistiú sa ghné measúnaithe, rud atá ríthábhachtach sula dtosóimid ar an idirghabháil chothaithe gach bliain. 

Maria: Chuir sé feabhas ar thinreamh, ar choinneáil, ar leanaí ag teacht ar scoil, ar leanaí a bheith sásta ar scoil. Mhéadaigh sé an fhoghlaim dóibh. Mar sin, cuireadh feabhas ar ár gcuid scór caighdeánaithe, ár gcomhpháirtíochtaí, ár dtuismitheoirí, ár gcaidrimh an-dearfach. Táimid an-bhuíoch as an deis a bheith in ann an cistiú seo a úsáid chun ár n-oiliúint agus oiliúint na múinteoirí uile inár bpobal a fhorbairt a thuilleadh, a rachaidh chun tairbhe gach leanbh agus gach tuismitheoir inár bpobal. Mholfainn cinnte do mhúinteoirí agus do scoileanna eile iarratas a dhéanamh ar an gcistiú. Is deis iontach foghlama í. Is iontach an rud é aon réimse spéise atá agat duit féin a fhorbairt.