Céim 1: Ag cur tús le Foirm D agus ag íoslódáil an Dearbhaithe Chomhpháirtigh
- Logáil isteach ar do chuntas tairsí Logáil isteach/Mo Chlárú
- Cliceáil ar Mo Choinníollacha
- Cliceáil ar Féach ar Shonraí in aghaidh do choinníoll Droichead
- Cliceáil ar Iarratas Foirm D
Iarrtar ort an t-iarratas Fhoirm D a chomhlánú san ord ina bhfuil sé ar an scáileán.
Agus d’iarratas Fhoirm D á chomhlánú agat, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil roinnt codanna den fhoirm líonta cheana féin le faisnéis a chuir tú ar fáil nuair a chuir tú d’iarratas Droichead isteach.
Seo a leanas miondealú ar na codanna d’Fhoirm D:
a. Sonraí Pearsanta – tá an chuid seo comhlánaithe cheana, ach is féidir leat na sonraí teagmhála a uasdátú más gá.
b. Sonraí Fostaíochta – aistrítear an fhaisnéis seo ó d’iarratas Droichead. Tá an chuid seo comhlánaithe cheana agus ní féidir í a athrú. Má tá an fhaisnéis mícheart, ní mór duit dul i dteagmháil leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí ríomhphost a sheoladh chuig conditions@teachingcouncil.ie nó trí ghlaoch a chur ar 01 6517900.
c. Ionduchtú scoilbhunaithe – Snáithe A – ceanglaíonn an chuid seo ort na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- An dáta a chríochnaigh tú do phróiseas Droichead a thabhairt– ní féidir leis an dáta seo a bheith sa todhchaí
- A dheimhniú go bhfuil d’ionduchtú scoilbhunaithe críochnaithe agat thar thréimhse nach bhfuil níos lú ná 60 lá (bunscoil) nó 200 uair an chloig (iar-bhunscoil)
d. Gníomhaíochtaí Foghlama Gairmiúla – Snáithe B – ceanglaíonn an chuid seo ort eolas a sholáthar ar na nithe seo a leanas:
- Gníomhaíochtaí Foghlama Gairmiúla
Soláthraíonn Oide daingniú chuig an gComhairle Mhúinteoireachta tar éis duit freastal ar an seimineár gréasáin ar líne agus ar na cnuaschruinnithe. Beidh an fhaisnéis seo le feiceáil ar d’fhoirm. Má tá an fhaisnéis míchruinn, seol ríomhphost chuig: NQTinduction@oide.ie.
Má chaill tú cnuaschruinniú agus mura féidir é a chur in áirithe a thuilleadh ar shuíomh gréasáin Oide, téigh i dteagmháil le conditions@teachingcouncil.ie, le do thoil.
- Cleachtas Athmhachnaimh
e. Dearbhú Comhpháirteach– Tar éis duit an fhaisnéis ábhartha a chur isteach agus na doiciméid riachtanacha a uaslódáil i gcodanna (a)–(d) thuas, ní mór duit an Dearbhú Comhpháirteach a íoslódáil agus a phriontáil. Sábhálfar do shonraí agus an doiciméad a uaslódáladh chuig iarratas Fhoirm D. Is féidir leat dul ar ais chuig d’Fhoirm D tríd an rannán Iarratais ar do chuntas tairsí Mo Chlárúcháin. Féach Céim 3 thíos le haghaidh tuilleadh eolais.
Céim 2: Críochnú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh
Caithfidh tú féin agus baill do d’Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) athbhreithniú a dhéanamh ansin ar an Dearbhú Comhpháirteach chun a chinntiú go bhfuil sé go léir cruinn. Chomh luath agus a bheidh gach duine sásta, caithfidh tú féin agus gach ball den FTG an Dearbhú Comhpháirteach a shíniú*. Más gá duit do Dhearbhú Comhpháirteach a leasú, is féidir leat é sin a dhéanamh trí dhul ar ais chuig d’Fhoirm D ar líne, ag uasdátú an réimse/na réimsí ábhartha ar an bhFoirm agus ag íoslódáil Dearbhaithe Chomhpháirtigh uasdátaithe.
Ní mór go mbeadh stampa* oifigiúil na scoile ar an Dearbhú Comhpháirteach agus ansin déan é a shíniú* agus a dhátú tú féin sula n-uaslódálann tú gach leathanach in aghaidh d’Fhoirm D. Is féidir leat dul ar ais chuig d’Fhoirm D tríd an rannán Iarratais de do chuntas tairsí Mo Chlárúcháin. Féach céim 3 thíos.
*Ní leor sínithe digiteacha agus stampaí digiteacha. Tá gá le bunshínithe agus bunstampaí. Sa chás nach bhfuil stampa oifigiúil ag an scoil, is féidir leat, agus an dearbhú comhpháirteach á uaslódáil, ríomhphost ó do scoil lena ndearbhaítear an méid sin a chur leis.
Tabhair faoi deara le do thoil: Beidh sé de cheart ag an gComhairle Mhúinteoireachta gach doiciméad a fhaightear a fhíorú. Deimhnítear Foirmeacha D comhlánaithe ar bhonn rialta le baill den Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla. Glacann an Chomhairle Mhúinteoireachta go stuama le falsú doiciméad. Is éard atá i bhfalsú doiciméad ná mí-iompar agus d’fhéadfadh gníomh smachtaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a bheith mar thoradh air.
Céim 3: An Dearbhú Comhpháirteach a uaslódáil mar chuid d’iarratas Fhoirm D
Lean na chéad chéimeanna eile seo chun do Dhearbhú Comhpháirteach sínithe agus stampáilte a uaslódáil in aghaidh d’Fhoirm D:
- Logáil isteach ar do chuntas tairsí Logáil isteach/Mo Chlárú
- Cliceáil ar Iarratais
- Faoi m’Iarratais Idir Lámha, aimsigh d’Fhoirm D nár cuireadh isteach agus cliceáil ar Lean ar aghaidh. Osclóidh sé seo d’Fhoirm D le do shonraí sábháilte
- Cliceáil ar an táb/rannán den Dearbhú Comhpháirteach ag barr na foirme
- Faoin rannán Uaslódáil do Dhearbhú Comhpháirteach, cliceáil ar an gcnaipe Roghnaigh Comhad agus uaslódáil gach leathanach d’Fhoirm Dhearbhaithe Chomhpháirtigh
- Cuir isteach d’Fhoirm D
Tar éis duit d’Fhoirm D a chur isteach, déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta athbhreithniú uirthi. Má tá gach rud in ord, bainfear an coinníoll Droichead de do chlárúchán.