Aistrigh:
Gaeilge
English

Gluais

Múinteoir Nuacháilithe (MNC)

Múinteoir a chomhlíonann riachtanais na Comhairle ó thaobh cáilíochta de faoi Bhealach 1, nó Bealach 2 den Sceideal ach nach bhfuil an tréimhse chleachtais ghairmiúil is gá curtha i gcrích acu lena n-áirítear múinteoir a fuair áit ar an gclár trí Bhealach 5 den Sceideal agus a chríochnaigh an clár creidiúnaithe in oideachas múinteoirí ar cláraíodh iad ina leith, ó shin.

Foireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG)

Tá an Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) comhdhéanta de chomhghleacaithe a bhfuil taithí acu, a bhfuil clár foghlama gairmiúla curtha i gcrích acu i dteannta Oide, lena n-áirítear forbairt scileanna meantóireachta.

Institiúid Ardoideachais (IAO)

Ainmníonn IAO nó Institiúid Ardoideachais na coláistí, ollscoileanna agus comhlachtaí tríú leibhéal eile a sholáthraíonn clár creidiúnaithe amháin nó níos mó d’oideachas tosaigh múinteoirí.

Oide

Is seirbhís tacaíochta de chuid na Roinne Oideachais do scoileanna é Oide, a bunaíodh in 2023.

Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM)

Tagraíonn OTM don chéad chéim den fhoghlaim le bheith i do mhúinteoir nuair atá múinteoirí faoi oiliúint ag gabháil do chlár aitheanta oideachais múinteoirí.

Cosán

An creat náisiúnta lena dtreoraítear agus lena dtacaítear le foghlaim ghairmiúil múinteoirí tar éis a bpróisis ionduchtúcháin. Is creat solúbtha é a aithníonn an tábhacht le cúinsí aonair agus le comhthéacsanna scoile agus leis an iomad bealach éagsúil a théann múinteoirí i mbun foghlama.

Oideachas Cuimsitheach

Tagraíonn an téarma oideachas cuimsitheach d’aon ghné d’fhoghlaim múinteoirí arb é is aidhm di feabhas a chur ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar éagsúlacht riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus freagairt díobh; a chur ar a gcumas a bheith rannpháirteach san fhoghlaim; agus, deireadh a chur le bacainní laistigh den oideachas agus ar an oideachas trí freastail ar na struchtúir agus socruithe cuí agus iad a sholáthair, chun cur ar chumas gach mac léinn an tairbhe is mó a bhaint as a bhfreastal ar scoil.

Taisce

Baineann Taisce le próiseas foghlama punannbhunaithe a mbíonn Múinteoirí Nuacháilithe gafa leis a gcuirtear tús leis ó na cláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí agus ar aghaidh, chun cur ar a gcumas machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim agus a gcleachtas gairmiúil, de réir mar is cuí dá gcéim foghlama agus chun réimsí ina bhféadfadh tacaíocht nó treoir a bheith de dhíth orthu a aithint agus tabhairt faoi phleanáil ina leith.

Leanúntas in oideachas múinteoirí

Tagraíonn sé seo don fhoghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil ina mbíonn múinteoirí ag gabháil mar fhoghlaimeoirí ar feadh an tsaoil le linn a ngairme múinteoireachta. Cuimsíonn sé Oideachas Tosaigh Múinteoirí, Droichead (an creat comhtháite ionduchtaithe gairmiúil), agus Cosán (foghlaim na múinteoirí).

Scoil Aitheanta

Is scoil í scoil aitheanta atá aitheanta de réir Alt 10 den Acht Oideachais, 1998.

Ionad Tacaíochta Oideachais

Tá foráil déanta d’Ionad Tacaíochta Oideachais in Alt 10 (4) den Acht Oideachais, 1998.

Réamhrá

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an rialálaí ar ghairm na múinteoireachta in Éirinn. Is é an ról atá againn ná an pobal a chosaint trí chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú.

Déanaimid é seo trí chlárú reachtúil múinteoirí, a chinntíonn gairm mhúinteoireachta ardcháilithe, a gcomhlíonann a ball caighdeáin arda inniúlachta agus iompair ghairmiúil.

Leagtar amach sa cháipéis seo ceanglais Droichead do mhúinteoirí nuachláraithe agus do mhúinteoirí nár chríochnaigh tréimhse cleachtais ghairmiúil (ionduchtú) roimhe seo.

Is próiseas comhtháite ionduchtaithe gairmiúil do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna) é an próiseas Droichead agus tá sé lárnach sa leanúntas in oideachas múinteoirí. Tógann sé ar oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) agus aithníonn sé gur céim ar leith den leanúntas é an t ionduchtú. Tá ionduchtú scoilbhunaithe agus gníomhaíochtaí breise foghlama araon mar chuid de.

I gCuid a trí, leagtar amach polasaí Droichead agus tugtar sonraí ar cheanglais suíomhanna agus incháilitheachta.

Pointí Oibríochtúla Tábhachtacha le haghaidh Droichead

1.1 Is féidir le MNCanna atá fostaithe i suíomh incháilithe ar feadh bunthréimhse an chleachtais ghairmiúil (féach ar chuid 3 de Bheartas Droichead) iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Mhúinteoireachta chun faomhadh a fháil chun tús a chur leis an bpróiseas Droichead.

1.2 Ní mór do MNCanna iarratas a dhéanamh ar Droichead óna gcuntas Mo Chlárú. Má cheadaítear a n-iarratas, gheobhaidh siad ríomhphost deimhnithe formheasa, agus a ndáta tosaithe san áireamh.

1.3 Ní mór go mbeadh a ríomhphost deimhnithe faighte ag MNC ón gComhairle sula dtosaítear ar an bpróiseas Droichead.

1.4 Ba cheart do MNCanna cead a lorg ón bpríomhoide agus ón FTG ina scoil sula ndéanann siad iarratas ar Droichead.

1.5 Tosaíonn an próiseas Droichead ar an dáta a dhéantar an t-iarratas. I gcúinsí eisceachtúla nuair a bhíonn moill le hiarratas a chur isteach, féadfar a mheas gur cuireadh tús leis an bpróiseas cúig lá oibre ar a mhéad roimh dháta an iarratais. Ní áireofar aon seirbhís a críochnaíodh roimh an dáta sin mar chuid den riachtanas seirbhíse incháilithe.

1.6 Ní mór gach gné de phróiseas Droichead a chur i gcrích laistigh den scoilbhliain chéanna.

1.7 Ní mór gach gné den phróiseas Droichead, an t-ionduchtú scoilbhunaithe (snáithe A) agus na gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla breise (snáithe B), a chur i gcrích sula seolann tú isteach d’Fhoirm D agus an fhoirm dhearbhaithe chomhpháirtigh shínithe.

1.8 Má athraíonn do shuíomh le linn an phróisis Droichead nó má tá athrú ar an bhFoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) seol ríomhphost chuig conditions@teachingcouncil.ie chun comhairle a fháil.

1.9 Postroinnt, conarthaí páirtaimseartha

Glacfar le hiarratais ar phróiseas Droichead don scoilbhliain 2026/2027 le haghaidh múinteoirí atá cláraithe faoi Bhunscoil, nó faoi Bhealach 4 Eile, a bhfuil coinníoll Droichead ag gabháil lena gclárúchán, agus atá:

  • Ar conradh postroinnte ar feadh na bliana acadúla iomlána, lena n-áirítear múinteoirí atá fostaithe mar mhúinteoirí ionaid, nó
  • Ar conradh páirtaimseartha nach bhfuil níos lú ná dhá uair déag go leith (12.5 uair) ar feadh na bliana acadúla.

Nóta 1: Múinteoirí a chomhlíonann ceachtar de na ceanglais incháilitheachta thuas, glacfaidh an Chomhairle le hiarratais ar phróiseas Droichead ar an tuiscint go ndéanfar na hiarratais faoin 30 Meán Fómhair 2026 agus go leanfaidh próiseas Droichead feadh na bliana acadúla (i.e., ní mór do mhúinteoirí iarratas a dhéanamh chun tús a chur le Droichead an 30 Meán Fómhair 2026 nó roimhe sin agus ní mór dóibh fanacht ar an bpróiseas go dtí go mbeidh deireadh na bliana acadúla ann).

Nóta 2: I gcás go bhfuil dhá chonradh páirtaimseartha ar leith ag múinteoir a bhfuil níos mó ná 12.5 uair an chloig ar an iomlán acu don bhliain acadúil iomlán, féadfaidh siad cur isteach ar Droichead a luaithe is a aontaíonn an dá scoil leis an bpróiseas agus nuair a bhíonn socrú cnuasach FTG i bhfeidhm, más gá.

Ba cheart comhairle a lorg ón gComhairle Mhúinteoireachta trí ríomhphost a chur chuig conditions@teachingcouncil.ie.

1.10 Painéal soláthair agus post tréimhse scaoilte príomhoide

Is féidir le múinteoirí bunscoile a bhfuil post faighte acu ar phainéal soláthair, nó post tréimhse scaoilte príomhoide iarratas a dhéanamh ar Droichead.

Tá múinteoirí bunscoile a fhaigheann na poist seo chun próiseas Droichead a chríochnú faoi réir forálacha áirithe lena n-áirítear. Tá siad seo liostaithe thíos i roinn 3 “Tréimhse an chleachtais ghairmiúil a theastaíonn”.

1.11 Dáta Éaga Coinníoll Droichead

Ní mór do mhúinteoirí a bhfuil coinníoll cláraithe Droichead atá ag dul in éag acu, iarratas a dhéanamh ar shíneadh ama chun dul i ngleic leis an gcoinníoll, chun leanúint de bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Tá an ceanglas seo ag teacht le hAlt 32 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001, arna leasú. Is féidir iarratais a dhéanamh trína gcuntas Mo Chlárú.

Tá eolas maidir leis an bpróiseas iarratais ar shíneadh le fáil ar www.teachingcouncil.ie

Sonraí teagmhála

Múinteoirí atá ag cur iarratas isteach chun tús a chur leis an bpróiseas Droichead:

Apply via My Registration
e: conditions@teachingcouncil.ie
w: www.teachingcouncil.ie

Scoileanna a bhfuil suim acu bheith ina scoil Droichead:

Contact the Oide Induction Division
e: droicheadinduction@oide.ie
w: www.oide.ie

Cláraigh mar mhúinteoir chun na gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla breise (snáithe B) a chríochnú:

Ní mór do mhúinteoirí clárú le Oide
suíomh gréasáin: https://oide-droichead.com/

Treoir Ghonta ar Dhroichead

Bunscoil

Iar-Bhunscoile