Foilsithe
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an rialálaí ar ghairm na múinteoireachta in Éirinn agus is eagraíocht san earnáil phoiblí í.
Tá oibrithe san earnáil phoiblí atá ina mbaill de cheardchumainn i mbun feachtas oibre de réir rialach faoi láthair. D’fhéadfadh moill a bheith ar fhreagraí ar ríomhphoist agus ar fhiosruithe eile le linn na tréimhse seo.
Táthar ag súil go mbeidh lá stailce náisiúnta ann an 14 Deireadh Fómhair mar thoradh ar an ngníomhaíocht thionsclaíoch.
Dá bharr sin, beidh oifig na Comhairle Múinteoireachta agus a línte teileafóin dúnta an 14 Deireadh Fómhair.