Aistrigh:
Gaeilge
English

Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Dheilgne, Co. Chill Mhantáin chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Naomh Caoimhín, na Clocha Liatha, chun pobal foghlama gairmiúil a bhunú atá dírithe ar Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) a chur i bhfeidhm maidir le múineadh agus foghlaim litrithe.

Chomhoibrigh múinteoirí le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar chur chuige cuimsitheacha a thacaíonn le gach dalta scileanna litrithe a fhorbairt. Trí phleanáil chomhroinnte, machnamh agus fiosrúchán bunaithe sa seomra ranga, bhain rannpháirtithe triail as straitéisí DUF agus rinne siad iad a oiriúnú ina dteagasc litearthachta. Trí idirghabháil saineolaithe i DUF agus i litearthacht a sholáthraíonn foghlaim ghairmiúil atá bunaithe ar thaighde, ba é príomhaidhm an tionscadail ná cabhrú le teoiric a nascadh le cleachtas an tseomra ranga agus muinín na múinteoirí a neartú maidir le teagasc litrithe inrochtana agus tarraingteach a dhearadh do gach foghlaimeoir.

Machnamh na scoile

Chuir ár dtionscadal Féilte deis luachmhar ar fáil do mhúinteoirí páirt a ghlacadh i bhfoghlaim ghairmiúil chomhoibríoch agus mhachnamhach a bhí dírithe ar mhúineadh na litrithe. Trí rannpháirtíocht sa Phobal Foghlama Gairmiúla, rinne múinteoirí iniúchadh ar chur chuige praiticiúla i leith mhúineadh cuimsitheach na litrithe agus iad ag comhroinnt taithí, modheolaíochtaí agus dúshlán idir an dá scoil. Leag an tionscadal béim ar an tábhacht a bhaineann leis an idirphlé gairmiúil agus leis an bhfiosrúchán faoi stiúir múinteoirí i bhforbairt cleachtas litearthachta atá níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtaí.

Bhí an Pobal Foghlama Gairmiúla (PFG) thar a bheith luachmhar maidir le dea-chleachtas a dhearbhú agus deiseanna a chruthú do mhúinteoirí smaointe a mhalartú i dtimpeallacht thacúil chomhoibríoch. Nuair a chuala múinteoirí comhghleacaithe ag plé na ndúshlán céanna agus na straitéisí a d’éirigh leo, chuir sé sin lena muinín agus thug sé suaimhneas dóibh go raibh go leor dea-chleachtas á úsáid go comhsheasmhach cheana féin. Chuir struchtúr an PFG oscailteacht ghairmiúil chun cinn freisin, agus thug sé seo deis do rannpháirtithe machnamh macánta a dhéanamh ar réimsí forbartha agus foghlaim ó thaithí daoine eile ag an am céanna. Chuir comhroinnt straitéisí praiticiúla, acmhainní agus taithí sa seomra ranga le caidrimh ghairmiúla a neartú agus le mothú comhroinnte freagrachta as feabhas a chur ar thorthaí litearthachta.

Ba ghné thábhachtach den tionscadal anailís a dhéanamh ar na cleachtais reatha maidir le múineadh na litrithe agus ar na cuir chuige measúnaithe a bhí in úsáid sna scoileanna. Léirigh torthaí an tsuirbhé roinnt láidreachtaí a bhí i bhfeidhm cheana féin, go háirithe úsáid dheachtú laethúil, teagasc follasach de rialacha litrithe, teagasc difreáilte agus teagasc bunaithe ar mheasúnú. D’aithin an t-athbhreithniú go raibh gá le níos mó soiléireachta agus comhsheasmhachta chomh maith maidir leis na hionchais i leith na litrithe agus an dul chun cinn trasna na leibhéal ranga. Spreag an machnamh seo an fhoireann chun smaoineamh ar an gcaoi a bhféadfadh modheolaíochtaí comhaontaithe agus cuir chuige comhroinnte cur le cleachtas uile-scoile níos láidre, agus saoirse ghairmiúil múinteoirí agus freagairt do riachtanais na ndaltaí á gcoinneáil ag an am céanna.

Bhí an ócáid foghlama gairmiúla leis an Dr Jennifer O’Sullivan thar a bheith tairbheach. Thug a cuid saineolais tacaíocht do mhúinteoirí agus iad ag déanamh machnaimh chriticiúil ar mheasúnú, ar mhodheolaíocht agus ar chleachtas cuimsitheach. Dhoimhnigh na pléití leis an Dr O’Sullivan an tuiscint ar mhúineadh éifeachtach na litrithe agus leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht a bhaint amach idir struchtúr, difreáil agus rannpháirtíocht na ndaltaí. Ar an iomlán, neartaigh an tionscadal Féilte muinín ghairmiúil na múinteoirí, chuir sé comhoibriú chun cinn agus thacaigh sé le forbairt cur chuige níos comhtháite agus níos cuimsithí i leith mhúineadh litrithe ar fud na scoileanna.