Aistrigh:
Gaeilge
English

Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta an Bhaile Mhóir, Co. Dhún na nGall, chun comhoibriú le trí scoil* chun leas a bhaint as spásanna lasmuigh. Baineadh úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun spásanna foghlama éifeachtacha a chruthú agus a fheabhsú. Ghlac na múinteoirí rannpháirteacha páirt i gceardlanna, i gcomhoibriú piaraí, i staidéar ceachta agus i dtimthriallta teagaisc chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le huirlisí digiteacha an teagasc agus an fhoghlaim a shaibhriú i dtimpeallachtaí lasmuigh.

Thacaigh an tionscadal seo le múinteoirí chun tailte na scoile a athshamhlú mar sheomraí ranga dinimiciúla, atá feabhsaithe ag an teicneolaíocht. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal seo muinín agus scileanna múinteoirí a fhorbairt maidir le foghlaim lasmuigh agus dhigiteach a chomhtháthú chun rannpháirtíocht daltaí, cruthaitheacht agus feasacht chomhshaoil ​​a chothú.

*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:

  • Scoil Náisiúnta Pharóiste na Tríonóide
  • Scoil Náisiúnta an Chraoslaigh
  • Scoil Náisiúnta Chúil na gCuirridín

Machnamh na scoile

Thug ár dtionscadal 16 mhúinteoir ó cheithre bhunscoil i nDún na nGall le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le teicneolaíochtaí digiteacha cur leis an bhfoghlaim lasmuigh. Mar chomhpháirtíocht, ghlacamar páirt i gceardlanna, i bpiarbhreathnóireacht agus i bpléití machnamhacha a bhí dírithe ar úsáid a bhaint as tailte ár scoileanna mar thimpeallachtaí saibhre foghlama.

Bhí an fhoghlaim ghairmiúil thar a bheith praiticiúil agus comhoibríoch. Bhain múinteoirí triail as gníomhaíochtaí ar nós mapáil bithéagsúlachta, cosáin chóid MF, scéalaíocht dhigiteach agus imscrúduithe comhshaoil ag baint úsáide as táibléid, aipeanna agus uirlisí teicneolaíochta digití eile. Thug breathnú ar chomhghleacaithe agus iad i mbun teagaisc an mhuinín dúinn triail a bhaint as cuir chuige agus modheolaíochtaí nua, agus a fheiceáil conas is féidir an teicneolaíocht a úsáid go cuspóireach mar thaca leis an bhfoghlaim seachas mar áis bhreise amháin.

Bhí tionchar suntasach ag an tionscadal ar na múinteoirí. D’fhorbraíomar scileanna digiteacha níos láidre, leathnaíomar ár dtuiscint ar oideolaíocht na foghlama lasmuigh agus thógamar pobal tacaíochta foghlama gairmiúla. Chuir an maoiniú an t-am agus na hacmhainní riachtanacha ar fáil chomh maith chun an obair seo a dhéanamh.

Léirigh na daltaí leibhéal níos airde rannpháirtíochta, cruthaitheachta agus neamhspleáchais. Léirigh siad spéis níos mó san eolaíocht, sa litearthacht, i dtascanna réiteach fadhbanna agus in obair ghrúpa. Ar an iomlán, d’athraigh an tionscadal an dearcadh a bhí againn ar ár spásanna foghlama lasmuigh agus léirigh sé gur féidir le comhoibriú gairmiúil fiúntach eispéiris foghlama níos saibhre a chruthú do dhaltaí.