Droichead: An próiseas ionduchtaithe do mhúinteoirí
Is é Droichead an próiseas ionduchtaithe le haghaidh:
- Múinteoirí nuacháilithe (MNCanna)
- Múinteoirí nár chríochnaigh ionduchtú roimhe seo
Bíonn sé ar siúl laistigh de gach bliain acadúil agus ní mór duit gach gné den phróiseas a chur i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Cuid lárnach den phróiseas is ea dul i dteagmháil le do chomhghleacaithe a bhfuil taithí acu agus machnamh a dhéanamh ar na comhráite gairmiúla a bhíonn ar siúl i do chuid foghlama agus cleachtais ghairmiúil.
Chun Droichead a chur i gcrích, ní mór duit ionduchtú scoilbhunaithe (Snáithe A) agus gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla (Snáithe B) a chur i gcrích. Tacaíonn Rannóg Ionduchtaithe Droichead Oide le hionduchtú Múinteoirí Nua-Cháilithe trí na gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla a éascú agus trí mheantóireacht agus tacaíocht a chur ar fáil don Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG).
Maidir le múinteoirí atá cláraithe faoi Bhealach 1 – Bunscoil nó faoi Bhealach 4 – Eile ar chonradh postroinnte nó páirtaimseartha nach lú ná 12.5 uair an chloig ar feadh ré na bliana acadúla: ní mór dóibh iarratas a dhéanamh ar Dhroichead roimh 30 Meán Fómhair 2026. Ceanglófar ar na múinteoirí sin fanacht ar an bpróiseas go dtí deireadh na scoilbhliana.
Na socruithe inar féidir Droichead a chur i gcrích
Ba cheart do mhúinteoir bunscoile Droichead a chur i gcrích i suíomh príomhshrutha bunscoile.
Mar sin féin, is féidir le MNCanna próiseas Droichead a chríochnú i gceann de na róil a liostaítear thíos.
a) Múinteoir ranga speisialta i scoil phríomhshrutha.
b) Múinteoir i scoil speisialta.
c) Múinteoir Oideachais Speisialta lánaimseartha/Ag teagasc i scoil phríomhshrutha (MOS).
Sna cásanna thuas, caithfidh an cohórt céanna daltaí a bheith i gceist leis an tréimhse fostaíochta (ach amháin i gcás neamhláithreachtaí eisceachtúla).
Tábhachtach:
- Ní mór duit a bheith i bhfostaíocht íoctha i gcáil bhuan, shealadach nó ionaid, agus
- Ní mór duit gach réimse de churaclam na bunscoile, an Ghaeilge san áireamh, a mhúineadh do rang príomhshrutha daltaí (grád singil nó ilghrád) ar feadh an lae scoile iomlán.
- Ní mór duit an riachtanas íosta maidir le fad na tréimhse a chomhlíonadh, is é sin bloc teagaisc 60 lá scoile as a chéile ar a laghad.
- Le haghaidh eolais faoi phostroinnt nó faoi chonarthaí páirtaimseartha, moltar duit na Nósanna Imeachta agus na Critéir do Droichead 2026/2027 a léamh.
- Is féidir leat Droichead a chur i gcrích má tá tú fostaithe ar phainéal soláthair nó i bpost ama scaoilte príomhoide. Léigh na Nósanna Imeachta agus Critéir maidir le Droichead 2026/2027 le do thoil.
Cá fhad a mhaireann Droichead?
Ní mór duit tréimhse 60 lá scoile as a chéile ar a laghad a chomhlíonadh i suíomh incháilithe ón dáta a rinne tú iarratas ar Droichead.
Ní mór gach gné de phróiseas Droichead a chur i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Is íostréimhse cleachtais é seo.
Mholamar duit aon am breise a úsáid chun fanacht ar Droichead go dtí deireadh do chonartha nó na bliana acadúla chun leas iomlán a bhaint as an tacaíocht, an treoir agus an chomhairle a chuirtear ar fáil.
Maidir le múinteoirí atá cláraithe faoi Bhealach 1 – Bunscoil nó faoi Bhealach 4 – Eile ar chonradh postroinnte nó páirtaimseartha nach lú ná 12.5 uair an chloig ar feadh ré na bliana acadúla: ní mór dóibh iarratas a dhéanamh ar Dhroichead roimh 30 Meán Fómhair 2026. Ceanglófar ar na múinteoirí sin fanacht ar an bpróiseas go dtí deireadh na scoilbhliana.
Sula ndéanann tú iarratas
Sula ndéanann tú iarratas ar Droichead caithfidh tú:
- a dhearbhú go bhfuil tú i dtimpeallacht incháilithe agus go gcomhlíonann tú an íostréimhse le haghaidh an phróisis.
- Dearbhaigh go bhfuil do scoil sásta an bealach a réiteach duit tríd an bpróiseas trí Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) a shannadh duit a oibreoidh i gcomhar leat d’fhonn tacú leat agus meantóireacht a dhéanamh ort. Ní mór beirt bhall FTG ar a laghad a bheith agat sular féidir leat tús a chur le Droichead.
- Léigh na Nósanna Imeachta agus na Critéir do Droichead lena chinntiú go bhfuil tú ar an eolas go hiomlán faoi phróiseas Droichead agus faoi na nithe is gá duit a dhéanamh chun é a chur i gcrích.
Conas iarratas a dhéanamh ar Droichead agus conas é a chomhlánú
Tá trí chuid i gceist le Droichead:
- Déan iarratas trí do chuntas Mo Chlárú.
- Glac páirt in ionduchtú scoilbhunaithe (Snáithe A) agus i ngníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla (Snáithe B).
- Comhlánaigh Foirm D Droichead ar líne agus cuir isteach an dearbhú comhpháirteach sínithe.
Déan iarratas trí do chuntas Mo Chlárú
- Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú.
- Roghnaigh “Mo Chlárú” ansin “Mo Choinníollacha” agus an rogha “Féach ar Shonraí” ar do choinníoll Droichead.
Tar éis duit iarratas a dhéanamh
Tar éis duit cur isteach ar Droichead, gheobhaidh tú ríomhphost ina n-admhaítear go bhfuaireamar d’iarratas. Nuair a ghlacfar leat ar Droichead gheobhaidh tú ríomhphost deimhnithe.
Beidh naisc chuig eolas agus cáipéisíocht thábhachtach faoi iamh sa ríomhphost deimhnithe. Tugann sé faomhadh agus cuireann sé do dháta tosaithe in iúl duit.
Glac páirt i bpróiseas Droichead
Tar éis duit do ríomhphost deimhnithe a fháil, is féidir leat tús a chur le próiseas Droichead trí ghnéithe Shnáithe A agus Shnáithe B a chur i gcrích.
Snáithe A: Ionduchtú Scoilbhunaithe
Molaimid duit an Polasaí maidir le Droichead a léamh, ina dtugtar mionsonraí faoi ionduchtú scoilbhunaithe. Mar chuid den ionduchtú scoilbhunaithe, cuirfidh do scoil agus an Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) tacaíocht ar fáil duit.
Áirítear na nithe seo a leanas i Snáithe A:
- Teagmháil agus comhoibriú le do scoil, le do phríomhoide agus leis an bhFoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG).
- Plé le comhghleacaithe a bhfuil níos mó taithí acu, agus machnamh ar na comhráite gairmiúla sin.
- Is príomhghné de Droichead iad breathnóireachta chomh maith.
- Foghlaim phunannbhunaithe (Taisce) a úsáid chun machnamh a dhéanamh ar d’fhoghlaim agus ar do chleachtas gairmiúil.
AGUS
Snáithe B: Gníomhaíochtaí Foghlama Gairmiúla Breise
Cuireann Rannóg Ionduchtaithe Oide na gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla do Droichead ar fáil.
Is é an chéad chéim cuntas a chruthú le hOide.
Ina dhiaidh sin, ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Seimineár gréasáin ar líne.
- Freastal ar chnuaschruinniú ginearálta.
- Freastal ar chnuaschruinniú dírithe.
- Gníomhaíocht amháin eile foghlama gairmiúla ar a laghad a chur i gcrích, roghnaithe i gcomhairle le do FTG.
Conas Droichead a chomhlánú
Nuair a bheidh próiseas Droichead curtha i gcrích agat féin agus ag do FTG (idir an t-ionduchtú scoilbhunaithe agus na gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla), ní mór duit Foirm D agus an dearbhú comhpháirteach sínithe a chomhlánú agus a chur isteach trí do chuntas Mo Chlárú.
Ní bheidh Foirm D ar fáil duit i do chuntas Mo Chlárú go dtí go mbeidh an seimineár gréasáin ar líne de chuid Oide, an cruinniú braisle ginearálta agus an cnuaschruinniú dírithe curtha i gcrích agat. Mura bhfuil Foirm D le feiceáil i do chuntas Mo Chlárú, logáil isteach i do chuntas Oide agus deimhnigh go bhfuil na gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla ar fad curtha i gcrích agat.
Sula gcuireann tú tús le d’iarratas ar Fhoirm D Droichead ar líne, moltar duit na treoracha seo a léamh agus a shábháil, mar b’fhéidir mbeadh ort súil a chaitheamh orthu arís níos déanaí.
Ní mór duit an Fhoirm D a chomhlánú san ord ina dtagann sí, sula íoslódálann tú an Dearbhú Comhpháirteach. Beidh an t-eolas a sholáthair tú nuair a rinne tú iarratas ar Droichead curtha i gcodanna áirithe den fhoirm cheana féin.
Nuair atá tú ag cur d’iarratas isteach, ní mór duit leathanaigh uile an Dearbhaithe Chomhpháirtigh a uaslódáil, ní amháin an leathanach deiridh.
Tar éis duit Foirm D a chur isteach, gheobhaidh baill an FTG fógra.
Nuair a bheidh Foirm D comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag d’Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla, bainfear coinníoll Droichead de do chlárúchán agus déanfar do chlárúchán agus do dheimhniú clárúcháin a nuashonrú.
Tábhachtach:
Beidh sé de cheart ag an gComhairle Mhúinteoireachta gach doiciméad a fhaightear a fhíorú. Deimhnítear Foirmeacha D comhlánaithe ar bhonn rialta le baill den Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla.
Glacann an Chomhairle Mhúinteoireachta go stuama le falsú doiciméad. Is éard atá i bhfalsú doiciméad ná mí-iompar agus d’fhéadfadh gníomh smachtaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a bheith mar thoradh air.