Aistrigh:
Gaeilge
English

Droichead: An próiseas ionduchtaithe mar mhúinteoir

Is é Droichead an próiseas ionduchtaithe le haghaidh:

  • Múinteoirí nuacháilithe (MNCanna)
  • Múinteoirí nár chríochnaigh ionduchtú roimhe seo

Bíonn sé ar siúl laistigh de gach bliain acadúil agus ní mór duit gach gné den phróiseas a chur i gcrích laistigh den tréimhse sin. 

Cuid lárnach den phróiseas is ea dul i dteagmháil le do chomhghleacaithe a bhfuil taithí acu agus machnamh a dhéanamh ar na comhráite gairmiúla a bhíonn ar siúl i do chuid foghlama agus cleachtais ghairmiúil.

Chun Droichead a chur i gcrích, ní mór duit ionduchtú scoilbhunaithe (Snáithe A) agus gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla (Snáithe B) a chur i gcrích. Tacaíonn Rannóg Ionduchtaithe Droichead Oide le hionduchtú Múinteoirí Nua-Cháilithe trí na gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla a éascú agus trí mheantóireacht agus tacaíocht a chur ar fáil don Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG). 

Na socruithe inar féidir Droichead a chur i gcrích

Is féidir le múinteoir iar-bhunscoile Droichead a chríochnú i: 

  • Iar-bhunscoil aitheanta. 
  • Scoil speisialta ina bhfuil sciar de na daltaí atá ag freastal ar an scoil in aois iar-bhunscoile, agus ábha(i)r de chuid an churaclaim iar-bhunscoile á theagasc/dteagasc ag an múinteoir do dhaltaí dá leithéid. 
  • Lárionad Oideachais ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

– Múintear ábhar curaclaim/ábhair churaclaim iar-bhunscoile ann agus tá sé de cheart acu daltaí a chur isteach do scrúduithe stáit amhail scrúduithe na Sraithe Sóisearaí nó na hArdteistiméireachta.

– Tá ábhar curaclaim iar-bhunscoile á mhúineadh ag an MNC i.e. ábhair sa tSraith Shóisearach nó san Ardteistiméireacht (ATF agus GCAT san áireamh) agus tá freagracht iomlán acu as ullmhúcháin do scrúduithe stáit.

– Is múinteoir iar-bhunscoile cláraithe an príomhchomhordaitheoir.

– Tá an FTG comhdhéanta de mhúinteoirí iar-bhunscoile cláraithe. 

Tábhachtach: 

  • Ní mór duit a bheith i bhfostaíocht íoctha i gcáil bhuan, shealadach nó ionaid.  
  • Caithfidh d’fhostaíocht deis a thabhairt duit an riachtanas íostréimhse a chomhlíonadh. 

Cá fhad a mhaireann Droichead?

Ní mór duit bloc íosmhéid de 200 uair an chloig d’fhostaíocht mhúinteoireachta a chríochnú i suíomh incháilithe ón dáta a rinne tú iarratas ar Droichead. Ní mór gach gné de phróiseas Droichead a chur i gcrích laistigh den tréimhse sin. 

Is íostréimhse cleachtais é seo. 

Mholamar duit aon am breise a úsáid chun fanacht ar Droichead go dtí deireadh do chonartha nó na bliana acadúla chun leas iomlán a bhaint as an tacaíocht, an treoir agus an chomhairle a chuirtear ar fáil. 

Sula ndéanann tú iarratas

Sula ndéanann tú iarratas ar Droichead caithfidh tú: 

  • a dhearbhú go bhfuil tú i dtimpeallacht incháilithe agus go gcomhlíonann tú an íostréimhse le haghaidh an phróisis. 
  • Dearbhaigh go bhfuil do scoil sásta an bealach a réiteach duit tríd an bpróiseas trí Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) a shannadh duit a oibreoidh i gcomhar leat d’fhonn tacú leat agus meantóireacht a dhéanamh ort. Ní mór beirt bhall FTG ar a laghad a bheith agat sular féidir leat tús a chur le Droichead. 
  • Léigh na Nósanna Imeachta agus na Critéir do Droichead lena chinntiú go bhfuil tú ar an eolas go hiomlán faoi phróiseas Droichead agus faoi na nithe is gá duit a dhéanamh chun é a chur i gcrích. 

Conas iarratas a dhéanamh ar Droichead agus conas é a chomhlánú

Tá trí chuid i gceist le Droichead: 

  1. Déan iarratas trí do chuntas Mo Chlárú.
  2. Glac páirt in ionduchtú scoilbhunaithe (Snáithe A) agus i ngníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla (Snáithe B).
  3. Comhlánaigh Foirm D Droichead ar líne agus cuir isteach an dearbhú comhpháirteach sínithe.

Déan iarratas trí do chuntas Mo Chlárú

  1. Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú.
  2. Roghnaigh “Mo Chlárú” ansin “Mo Choinníollacha” agus an rogha “Féach ar Shonraí” ar do choinníoll Droichead. 

Tar éis duit iarratas a dhéanamh

Tar éis duit cur isteach ar Droichead, gheobhaidh tú ríomhphost ina n-admhaítear go bhfuaireamar d’iarratas. Nuair a ghlacfar leat ar Droichead gheobhaidh tú ríomhphost deimhnithe. 

Beidh naisc chuig eolas agus cáipéisíocht thábhachtach faoi iamh sa ríomhphost deimhnithe. Tugann sé faomhadh agus cuireann sé do dháta tosaithe in iúl duit. 

Glac páirt i bpróiseas Droichead

Tar éis duit do ríomhphost deimhnithe a fháil, is féidir leat tús a chur le próiseas Droichead trí ghnéithe Shnáithe A agus Shnáithe B a chur i gcrích.  

Snáithe A: Ionduchtú Scoilbhunaithe

Molaimid duit an Polasaí maidir le Droichead a léamh, ina dtugtar mionsonraí faoi ionduchtú scoilbhunaithe. Mar chuid den ionduchtú scoilbhunaithe, cuirfidh do scoil agus an Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) tacaíocht ar fáil duit. 

Áirítear na nithe seo a leanas i Snáithe A: 

  • Teagmháil agus comhoibriú le do scoil, le do phríomhoide agus leis an bhFoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG).
  • Plé le comhghleacaithe a bhfuil níos mó taithí acu, agus machnamh ar na comhráite gairmiúla sin.
  • Is príomhghné de Droichead iad breathnóireachta chomh maith.
  • Foghlaim phunannbhunaithe (Taisce) a úsáid chun machnamh a dhéanamh ar d’fhoghlaim agus ar do chleachtas gairmiúil.  

AGUS 

Snáithe B: Gníomhaíochtaí Foghlama Gairmiúla Breise

Cuireann Rannóg Ionduchtaithe Oide na gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla do Droichead ar fáil.  

Is é an chéad chéim cuntas a chruthú le hOide.  

Ina dhiaidh sin, ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh: 

  • Seimineár gréasáin ar líne.  
  • Freastal ar chnuaschruinniú ginearálta.  
  • Freastal ar chnuaschruinniú dírithe.  
  • Gníomhaíocht amháin eile foghlama gairmiúla ar a laghad a chur i gcrích, roghnaithe i gcomhairle le do FTG. 

Conas Droichead a chomhlánú

Nuair a bheidh próiseas Droichead curtha i gcrích agat féin agus ag do FTG (idir an t-ionduchtú scoilbhunaithe agus na gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla), ní mór duit Foirm D agus an dearbhú comhpháirteach sínithe a chomhlánú agus a chur isteach trí do chuntas Mo Chlárú. 

Ní bheidh Foirm D ar fáil duit i do chuntas Mo Chlárú go dtí go mbeidh an seimineár gréasáin ar líne de chuid Oide, an cruinniú braisle ginearálta agus an cnuaschruinniú dírithe curtha i gcrích agat. Mura bhfuil Foirm D le feiceáil i do chuntas Mo Chlárú, logáil isteach i do chuntas Oide agus deimhnigh go bhfuil na gníomhaíochtaí breise foghlama gairmiúla ar fad curtha i gcrích agat.  

Sula gcuireann tú tús le d’iarratas ar Fhoirm D Droichead ar líne, moltar duit na treoracha seo a léamh agus a shábháil, mar b’fhéidir mbeadh ort súil a chaitheamh orthu arís níos déanaí.  

Ní mór duit an Fhoirm D a chomhlánú san ord ina dtagann sí, sula íoslódálann tú an Dearbhú Comhpháirteach. Beidh an t-eolas a sholáthair tú nuair a rinne tú iarratas ar Droichead curtha i gcodanna áirithe den fhoirm cheana féin.  

 Nuair atá tú ag cur d’iarratas isteach, ní mór duit leathanaigh uile an Dearbhaithe Chomhpháirtigh a uaslódáil, ní amháin an leathanach deiridh. 

Tar éis duit Foirm D a chur isteach, gheobhaidh baill an FTG fógra.  

Nuair a bheidh Foirm D comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag d’Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla, bainfear coinníoll Droichead de do chlárúchán agus déanfar do chlárúchán agus do dheimhniú clárúcháin a nuashonrú.  

Tábhachtach:

Beidh sé de cheart ag an gComhairle Mhúinteoireachta gach doiciméad a fhaightear a fhíorú. Deimhnítear Foirmeacha D comhlánaithe ar bhonn rialta le baill den Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla. 

Glacann an Chomhairle Mhúinteoireachta go stuama le falsú doiciméad. Is éard atá i bhfalsú doiciméad ná mí-iompar agus d’fhéadfadh gníomh smachtaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a bheith mar thoradh air.