Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tá áthas ar an gComhairle Mhúinteoireachta a fhógairt go bhfuil maoiniú do Scéim Sparánachtaí Féilte deimhnithe do na blianta 2026, 2027 agus 2028. Gach bliain, cuirfidh an scéim suas le €125,000 ar fáil do scoileanna ar fud Phoblacht na hÉireann chun tacú le tionscadail a chuireann comhoibriú idir scoileanna chun cinn agus a chuireann le foghlaim ghairmiúil múinteoirí. Is ionann sin agus infheistíocht iomlán de suas le €375,000 thar an tréimhse trí bliana. 

Tugann Scéim Sparánachtaí Féilte deis do mhúinteoirí cur chuige nua agus nuálach i leith na foghlama gairmiúla a fhiosrú. Tá sparánachtaí dar luach €2,000 agus €5,000 ar fáil chun tacú le réimse leathan tionscadal, lena n-áirítear Teagasc na Gaeilge agus teagasc trí mheán na Gaeilge, comhpháirtíochtaí le hInstitiúidí Ardoideachais, forbairt curaclaim Tionscnaimh folláine. 

Trí mhaoiniú na scéime a dheimhniú don chéad trí bliana eile, tá sé mar aidhm ag an gComhairle Mhúinteoireachta níos mó cinnteachta agus solúbthachta a thabhairt do scoileanna agus do mhúinteoirí agus iad ag pleanáil agus ag forbairt tionscadal amach anseo. 

Dúirt Claire Ní Mharcaigh, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta: 

“Léiríonn Scéim Sparánachtaí Féilte tiomantas na Comhairle d’fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí a chur chun cinn trí chomhar bríoch. Trí mhaoiniú na scéime a dheimhniú don chéad trí bliana eile, tá sé mar aidhm againn an deis a thabhairt do scoileanna agus do mhúinteoirí tionscadail agus comhpháirtíochtaí láidre a fhorbairt, cleachtais nuálacha a chur chun cinn agus dea-chleachtais a roinnt a rachaidh chun tairbhe do mhúinteoirí, d’fhoghlaimeoirí agus do phobail scoile ar fud na tíre.” 

Ó tugadh an scéim isteach in 2024, tá €226,000 bronnta ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar 54 tionscadal a raibh 221 scoil páirteach iontu. Tá machnaimh agus acmhainní digiteacha roinnte ag na scoileanna a fuair sparánachtaí freisin, rud a léiríonn tionchar a gcuid oibre, tá na hacmhainní sin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.  

Osclófar iarratais do Fhéilte 2026 an 8 Meán Fómhair. Beidh sonraí maidir leis an bpróiseas iarratais ar fáil ar Féilte Hub.